1
1 Tiomóid 6:12
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe.
مقایسه
1 Tiomóid 6:12 را جستجو کنید
2
1 Tiomóid 6:10
Dúil san airgead is bun le gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.
1 Tiomóid 6:10 را جستجو کنید
3
1 Tiomóid 6:6
Is mór an t-údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.
1 Tiomóid 6:6 را جستجو کنید
4
1 Tiomóid 6:7
Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as.
1 Tiomóid 6:7 را جستجو کنید
5
1 Tiomóid 6:17
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan a bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimid só as.
1 Tiomóid 6:17 را جستجو کنید
6
1 Tiomóid 6:9
Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbasctha.
1 Tiomóid 6:9 را جستجو کنید
7
1 Tiomóid 6:18-19
Abair leo an mhaith a dhéanamh, a bheith saibhir i ndea-oibreacha, a bheith fial flaithiúil lena gcuid agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre.
1 Tiomóid 6:18-19 را جستجو کنید