Rómhánaigh 9
9
1Táim ag insint na fírinne i gCríost, níl mé ag insint bréige; a fhianaise sin ar mo choinsias sa Spiorad Naomh, 2go mbíonn brón mór agus buaireamh síoraí ar mo chroí. 3Mar dʼfhéadfainn guí mé féin a bheith mallaithe agus scartha go deo le Críost mar mhaithe le mo bhráithre agus daoine muinteartha mo chine. 4Is Iosraelít-igh iad, agus is leo ceart na mac, agus an ghlóir, agus na cúnaint, agus reachtú an dlí, agus adhradh Dé, agus na gealltanais; 5is leo na huasalaithreacha, agus is díobh an Críost de réir na colainne. Dia atá os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe é go deo. Áiméan.
6Ach ní ionann sin agus a rá gur theip ar bhriathra Dé. Mar ní le hIosrael an mhuintir uile is dʼIosrael. 7Agus ní hiad claim Abrachaim iad uile a tháinig de; ach “Is trí Íosóg a ainmneofar do shliocht.” 8Is é a chiallaíos sé sin, nach iad clann Dé iad clann na colainne, ach go meastar clann an ghealltanais mar shliocht. 9Mar is é a dúirt an gealltanas, “Faoin am seo fillfidh mé agus beidh mac ag Sára.” 10Agus ní hé sin amháin, ach freisin nuair a bhí clann i mbroinn Rebecca ón t-aon fhear amháin, ár sinsear Íosóg, 11cé nár saolaíodh fós iad agus cé nach raibh ní maith ná ole déanta acu, ionas go seasfadh rún tofa Dé, ní as siocair na n-oibreacha ach as siocair na gairme, 12insíodh di, “Beidh an sinsear ag umhlú don sóisear.” 13Mar atá scríofa, “Thug mé grá do Iácób, ach thug mé fuath do Ésau.”
14Cad é atá le rá againn ina dhiaidh sin? An é go bhfuil Dia san éagóir? A mhalairt! 15Mar deir sé le Maois, “Beidh trócaire agam ar an té a mbeidh trócaire agam air, agus déanfaidh mé trua don té sin a ndéanfaidh mé trua dó.” 16Mar sin ní ar thoil ná ar shaothar an duine atá sé ag brath, ach ar thrócaire Dé. 17Mar is é a deir an Scrioptúr le Pharao, “Tá tú ardaithe agam chun go dtaispeánfainn mo chumhacht ionat, chun go luaifear mʼainm ar fud an domhain.” 18Mar sin de bíonn trócaire aige ar an té is toil leis, agus cruann sé croí an té is toil leis.
19Is é do fhreagra air sin, “Cad chuige mar sin a mbíonn locht aige ar dhuine? Nó cé a fhéadann cur in aghaidh a tholasan?” 20Ach tusa, ar duine tú, ag tabhairt aisfhreagra ar Dhia? An ndéarfaidh an chumadóireacht leis an gcuma-dóir, “Cad chuige a ndeama tú mar sin mé?” 21Nach bhfuil ceart ag an bpotaire ar an gcré, soitheach áilleachta agus soitheach umhlóideach a dhéanamh as an gcnap céanna cré? 22Agus cad é sin duitse, más rún é gur mian le Dia a fhearg a fhoilsiú agus a mhórchumhacht a nochtadh, agus gur fhulaing sé go mórfhoighneach soithigh na feirge a bhfuil an scrios i ndán dóibh, 23ionas go nochtfaidh sé saibhreas a ghlóire i gcomhair shoithigh na trócaire, atá ullmhaithe aige roimh ié le haghaidh na glóire, 24mar atá inár gcomhaime, i gcomhair an dreama a ghlaoigh sé, ní hamháin as na Giúdaigh ach as na Gintlithe freisin? 25Agus ar ndóigh deir sé é sin i Hóséa,
“An dream nárbh iad mo mhuintir iad
gairfidh mé ‘mo mhuintir’ díobh,
agus í siúd nárbh ansa liom
gairfidh mé ‘mʼansacht’ di.”
26“Agus san áit sin ar dúradh leo, ‘ní de mo mhuintir daoibh.’ gairfear ‘clann mhac an Dé bhí’ díobh.”
27Agus deir Ísáia os ard i dtaobh Iosrael: “Siúd is nach lia gráinní gainimh na farraige ná clann Iosrael, ní shlánófar díobh ach iarsma; 28mar cuirfidh an Tiama a bhreith i bhfeidhm ar an talamh go dian deifreach.” 29Agus de réir thairngreacht Ísáia,
“Murabh é gur fhág Tiama na slua clann dúinn,
bheadh íde Shodóim orainn agus ba chosúil le Gomarra sinn.”
30Cad é tá orainn a rá mar sin? Is é rud é, na Gintlithe nach raibh iarraidh acu ar an bhfíréantacht, tá sé sroichte acu, is é sin fíréantacht trí chreideamh; 31ach Iosrael a lorg an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an dlí, níor éirigh leosan an dlí úd a chomhlíonadh. 32Cad chuige? De bhrí nár lean siad trí chreideamh é, ach mar a bheadh sé bunaithe ar oibreacha. Bhain an chloch thuisle tuisle astu, 33mar atá scríofa,
“Féach, táim ag cur síos i Sión cloch a bhainfeas tuislí as daoine,
carraig a leagfas iad ar lár;
agus an té a chreideas ann ní chuirfear náire air go deo.”
Currently Selected:
Rómhánaigh 9: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland