YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánaigh 13

13
1Umhlaíodh gach duine don údarás a bhíos i geeannas. Mar níl údarás ann nach bhfuil ó Dhia, agus is é Dia a bhunaigh a bhfuil díobh ann. 2Dá bhrí sin cibé a chuireas in aghaidh an údaráis cuireann sé in aghaidh ní a chuir Dia ar bun, agus tabharfar breith a ndaortha ar an lucht a chuireas iaróg ina suí. 3Mar ní ábhar eagla iad an lucht ceannais don dea-iompai ach don drochiompar. Ar mhaith leat bheith neamheaglach roimh an té a mbíonn an ceannas aige? Déan an mhaith agus gheobhaidh tú moladh uaidh, 4mar is seirbhíseach Dé é le do leas. Ach má dhéanann tú an t-olc, bíodh eagla ort, mar ní in aisce a iompraíonn sé an claíomh; is é seirbhíseach Dé é le dianíhearg Dé a imirt ar an gcoirpeach. 5Ar an ábhar sin caithfear géilleadh dó ní hamháin le teacht saor ó dhianfhearg Dé ach le do choinsias féin a shásamh. 6Is í an chúis chéanna a bhíos le cánacha a íoc, mar is iad na húdaráis airí Dé, agus is é sin go díreach a ngnóthaí. 7Íoc mar sin an méid is cóir le gach duine acu, cánacha dar cóir cánacha, mál dar cóir mál, urraim don té dar cóir urraim agus onóir don té dar cóir onóir.
8Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, ach an grá a dhlíonn sibh dá chéile; mar an té a thugas grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. 9Na haitheanta seo, “Ná déan adhaltranas, ná déan dúnmharú, ná déan goid, ná santaigh ní nach leat féin,” agus aithne ar bith eile atá ann, tá a suim agus a mbrí uile le fáil san abairt seo, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar an grá a bhíos agat duit féin.” 10Ní féidir leis an ngrá dochar na comharsan a dhéanamh; ar an ábhar sin is é an grá comhlíonadh an dlí.
11Lena chois sin is feasach daoibh cad é an tráth atá ann, go bhfuil sé thar am agaibh dúiseacht as an suan. Mar is deise dúinn ár slánú ná nuair a chreideamar an chéad uair; 12tá an oíche beagnach caite, agus an lá ag druidim linn. Caithimis uainn mar sin oibreacha an dorch-adais agus cuirimis orainn cathéide an tsolais; 13iompraímis sinn féin go cneasta cóir mar a dhéanaimid sa lá ní i ragairne agus i bpótaireacht, ní i ndrabhlás ná i stríopachas, ní in aighneas ná in éad. 14Ach cuirigí umaibh an Tiarna Íosa Críost, agus ná déanaigí soláthar na colainne lena hain-mhiantasa a chomhlíonadh.

Currently Selected:

Rómhánaigh 13: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in