YouVersion Logo
Search Icon

Taispeáint 19

19
1Chuala mé fuaim ina dhiaidh sin mar ghlór ó mhór-shlua ar neamh, ag rá mar seo os ard,
“Alelúía! Is lenár nDia-na an slánú agus an ghlóir agus an mhórchumhacht,
2is fírinneach ceart-bhreitheach é;
tá breithiúnas tugtha aige ar an striapach mhór a shalaigh an domhan lena drúis,
agus tá fuil a sheirbhíseach agartha aige uirthi.”
3Agus dúirt siad arís,
“Alelúía! Beidh an toit ag éirí aisti go saol na saol.”
4Agus thit na ceithre chruifir ar fhichid agus na ceithre bheithíoch bhithbheo ar a mbéal gur thug siad adhradh do Dhia atá ina shuí ar an ríchathaoir, ag rá, “Áiméan, Alelúía!” 5Agus tháinig glór ón ardchathaoir a dúirt, “Molaigí ár nDia, a dhaoine atá in bhur seirbhísigh aige, a bheaga agus a mhóra, a thugas ómós dó.” 6Chuala mé fuaim ansin mar gháir mhórshlua agus mar thorann tonnta tuile agus mar thuargaint ardthoirni, ag rá,
“Alelúía! Tá an réim lenár dTiarna, Dia na gcumhacht.
7Bíodh áthas agus lúcháir orainn agus tugaimis an ghlóir dó,
mar tháinig am bhamis an Uain,
agus tá a Bhrídeog tar éis í féin a ghléasadh;
8agus a cead aici a cóiriú féin i ngúna den línéadach gléghlan”—
ós é an línéadach min dea-ghníomhartha na naomh.
9Agus dúirt an t-aingeal liom, “Scriobh é seo: Is beann-aithe a fhaigheas cuireadh chun bainis an Uain.” Agus dúirt sé liom, “Is focail fhíora ó bhéal Dé iad seo.” 10Thit mé ansin ag a chosa lena adhradh, ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort sin a dhéanamh! Níl ionamsa ach comh-sheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, lucht gafa fhianaise Íosa. Tabhair adhradh do Dhia amháin.” Óir is í fianaise Íosa sprid na fáidheadóireachta.
11Chonaic mé doirse na bhflaitheas ar oscailt ansin, agus bʼshiúd chugainn an t-each gléigeal! Tá ainm na Dílseachta agus na Fírinne ar a mharcach, agus is fíréanta a thugas sé breith agus a chuireas sé cogadh. 12Bíonn a shúile mar bhladhairí tine, agus is iomaí mionn atá ar a cheann; agus tá ainm in inscríbhinn aige nach feasach dʼaon duine ach dó féin. 13Bíonn léine a tumadh i bhfuil mar éadach air, agus tugtar Briathar Dé mar ainm air. 14Agus bhí marcshlua neimhe á leanúint ar eachra geala agus léinte de línéadach min geal orthu. 15Bíonn claíomh faobhrach ag imeacht as a bhéal le buille a bhualadh ar na ciníocha, agus is le slat iarainn a rialós sé iad; satalóidh sé fíonchantaoir fhearg Ihíochmhar Dhia na gcumhacht. 16Tá ainm scríofa aige ar a léine agus ar a shliasad, Ardrí na ríthe agus Mórthiarna na dtiarnaí.
17Chonaic mé aingeal ansin ina sheasamh sa ghrian, a scairt in ard a ghutha lena mbíonn dʼéanlaithe ag eitilt idir spéir agus talamh, “Tagaigí le chéile chuig mórfhleá Dé, 18go n-ithe sibh feoil ríthe agus cheannfort agus churaí, feoil chapall agus mharcach, agus feoil an chine dhaonna idir shaor agus dhaor agus bheag agus mhór.” 19Agus chonaic mé an beithíoch allta, agus ríthe an domhain agus a sluaite siúd, agus iad cruinn le cogadh a chur ar an marcach agus ar a shlua-san. 20Agus gabhadh an beithíoch allta, agus an fáidh bréige a dʼoibríodh na comharthaí roimhe ar mheall sé leo an dream úd a ghlac le comhartha an bheithígh agus a thug adhradh dá íomhá. Caitheadh an bheirt amach i loch na tine a bhíos ar dó le ruibhchloch agus iad ina mbeatha. 21Maraíodh an chuid eile le béal claímh, leis an gclaíomh as béal ridire an eich ghil, agus chaith an éanlaith uile lán a ngoile dá bhfeoil.

Currently Selected:

Taispeáint 19: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy