YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 22

22
1Anois bhí féile an Aráin gan Laibhín, dá ngairtear an Cháisc, ag druidim leo. 2Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine.
3Ba ansin a chuaigh Sátan isteach i nIúdás a raibh Iscariót mar shloinne air, a bhí ina dhuine den dáréag; 4agus dʼimigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é. 5Agus bhí áthas orthu, agus gheall siad go dtabharfaidís airgead dó. 6Dʼaontaigh sé leo mar sin, agus bhí sé ag breith ar fhaill lena chur ina lámha nuair nach mbíodh slua daoine i láthair.
7Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt. 8Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.” 9Dʼfhreagair siadsan dó, “Cá háit is toil leat sinne a hullmhú?” 10Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh dʼuisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann 11agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’ 12Agus taispeánfaidh sé daoibh an seomra mór in uachtar an tí agus é feistithe gléasta; ullmhaígí ansin.” 13Agus dʼimigh siad agus tharla mar dʼinis sé dóibh, agus dʼullmhaigh siad an cháisc.
14Agus nuair a tháinig an t‑am, shuigh sé chun boird é féin agus na haspail. 15Agus dúirt sé leo, “Ba é mian mo thola an cháisc seo a ithe libh roimh mo pháis; 16mar deirim libh nach n‑íosfaidh mé í#Is é atá ag sean-údaráis eile “nach n‑íosfaidh mé í choíche arís.” go gcomhlíontar í i ríocht Dé.” 17Agus ghlac sé cupán agus thug sé buíochas agus dúirt sé, 18“Glacaigí seo agus roinn eadraibh féin é, mar insím daoibh nach n‑ólfaidh mé aon bhraon de thoradh na fíniúna go dtaga ríocht Dé.” 19Agus ghlac sé arán agus thug sé buíochas agus roinn sé é gur thug dóibh é, á rá, “Is é seo mo chorpsa.#Is é atá ag sean-údaráis eile “a thugtar ar bhur son. Déanaigé é seo mar chuimhneamh ormsa.” 20 Mar an gcéanna an cupán tar éis suipéir, á rá, “An cupán seo a dhoirtear ar bhur son is é an nuachúnant i mʼfhuil é.” 21Ach siúd lámh mo bhrathadóra ar aon bhord liom. 22Mar imíonn Mac an duine mar a cinneadh dó; ach is mairg don duine sin a dhéanfas a bhrath!” 23Agus chuaigh siad a cheistiú a chéile, faoi cé acu a dhéanfadh a leithéid.
24Dʼéirígh díospóireacht eatarthu, faoi cé acu a mheasfaí ar an bhfear ba mhó. 25Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe. 26Ach ní hamhlaidh daoibhse; ina ionad sin bíodh an té is mó oraibh mar an té is óige, agus an taoiseach mar an timire. 27Mar cé is mó céim, an té a bhíos ina shuí ag bord, nó an té a bhíos ag freastal? Nach é an té a bhíos ina shuí ag an mbord? Ach bímse mar fhreastalaí eadraibh.
28“Is sibh a dʼfhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm; 29mar a bhronn mʼAthair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse 30bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag dʼlosrael.
31“A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur#Sa Ghréigis, tá an uimhir iolra ann anseo, agus an uimhir uatha ann i véarsa a 32. n‑éileamh le bhur#Sa Ghréigis, tá an uimhir iolra ann anseo, agus an uimhir uatha ann i véarsa a 32. gcriathrú mar chruithneacht, 32ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.” 33Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.” 34Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.”
35Agus ar seisean leo, “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan mhála gan bhróga, an raibh easpa aon ní oraibh?” Agus dʼfhreagair siad, “Ní raibh.” 36Agus dúirt sé leo, “Ach anois, an té a bhfuil sparán aige, beireadh sé leis é, agus mála lena chois. Agus an té nach bhfuil claíomh aige díoladh sé a fhallaing le ceann a cheannach. 37Mar táim ag insint daoibh go gcaithfidh mé an focal sin an scrioptúir a chomhlionadh, ‘Agus bhíothas á mheas ar an dream a bhí ciontach,’ mar tá ar scríobhadh fúm ag teacht i gcrích.” 38Agus dúirt siad, “Féach, a Thiarna, seo dhá chlaíomh.” Agus dúirt sé leo, “Déanfaidh sin cúis.”
39Agus dʼimigh sé mar ba ghnáth leis go Cnoc na nOlóg; agus lean na deisceabail é. 40Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.” 41Agus chuaigh sé i leataobh faoi urchar cloiche uathu, go ndeachaigh ar a ghlúine agus go ndearna urnaí, 42“A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.” 43Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis. 44Agus bhí pianpháis air agus dʼéirígh a urnaí ní ba dhúthrachtaí arís; agus allas air a thit anuas ar an talamh mar a bheadh ina bhraonta móra fola.#Tá seanúdaráis eile ann a fhágas amach vv. 43 agus 44. 45Agus nuair a dʼéirigh sé aníos ón urnaí, chuaigh sé go dtí na deisceabail go bhfuair ina suan iad le méid a mbróin, 46agus is é a dúirt sé leo, “Cad é an codladh sin oraibh? Éirígí agus bígí ag urnaí nach dtaga an cathú oraibh.”
47Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh; 48ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?” 49Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?” 50Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann. 51Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í. 52Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh? 53Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”
54Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh. 55Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu. 56Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus dʼamharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.” 57Ach shéan sé é agus dúirt sé, “A bhean úd, níl aon aithne agam air.” 58Agus tamall beag ina dhiaidh sin chonaic duine áirithe eile é agus dúirt leis, “Is duine díobh tusa freisin.” Ach is é a dúirt Peadar leis, “A ghiolla úd, ní díobh mé.” 59Agus nuair a chuaigh tuairim is uair a chloig thart thosaigh an tríú fear ar a dhearbhú agus dúirt sé, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo ina chuideachta; mar is Galailéach é.” 60Ach dúirt Peadar, “A ghiolla úd, ní thuigim cad é atá tú a mhaíomh.” Agus sa nóiméad úd, sul ar fhág an focal a bhéal, scairt an coileach. 61Agus thiontaigh an Tiarna thart agus dʼamharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.” 62Agus dʼimigh sé roimhe amach gur shil sé deora go géar goirt.
63Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh; 64agus chuir siad dallóg ar a shúile agus dʼfhiafraigh siad de, “Déan fáistine, a fháidh! Inis cé a bhuail thú?” 65Agus is iomaí focal maslach eile a labhair siad leis, agus iad ag tabhairt íde béil dó.
66Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis, 67“Más tú an Críost, inis dúinne é.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Má insím daoibh gur mé, ní chreidfidh sibh uaim é; 68agus má fhiafraím díbh an mé, ní thabharfaidh sibh freagra orm. 69Ach ón am seo amach beidh Mac an duine á shuíomh ar dheasláimh chumhacht Dé.” 70Agus dʼfhiafraigh siad uile de, “An tú Mac Dé mar sin?” Agus dúirt sé leo, “Is sibhse atá á rá gur mé.” 71Agus dúirt siad, “Cad é an gnó atá againn le tuilleadh fianaise? Táimid tar éis a chluinstin óna bhéal féin.”

Currently Selected:

Lúcás 22: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy