Colosséigh 3:16-17
Colosséigh 3:16-17 OC1970
Cónaíodh briathar Chríost ionaibh go hiomadúil agus sibh ag tabhairt teagaisc agus tromchomh-airle dá chéile go críonna ciallmhar, agus sailm agus dánta diaga á gceol agus á gcanadh agaibh ag altú do Dhia ó chroíthe lán de bhuíochas. Agus cibé a bhíos á dhéanamh agaibh, más briathar nó gníomh é, déanaigí é in ainm an Tiarna Íosa, ag tabhairt buíochais do Dhia an tAthair tríd.

















