Gníomhartha 27
27
1Agus nuair a socraíodh go rachaimis ar long go dtí an Iodáil, cuireadh Pól agus príosúnaigh áirithe eile ar chúram ceantúra den chohórt Augustach darbh ainm Iúlius. 2Chuamar ansin ar bhord loinge Adramitigh a bhí le bailte cuain na hÁise a shiúl, agus chuamar chun farraige, agus bhí Aristarcas, Macadóineach as Tesaloníca linn. 3An dara lá thángamar i gcaladh i Siodón; agus bhí Iúlius go daonnachtúil dea-chroíoch le Pól, agus lig sé dó cuairt a thabhairt ar a chairde agus aire a fháil uathu. 4Chuamar amach as sin chun na farraige agus rinneamar ar thaobh an fhoscaidh den Chipir, ó bhí an ghaoth inár n‑éadan. 5Agus chuamar thar an réimse farraige amach ó Chilicia agus ó Phamfilia gur shroicheamar Maira i Licia. 6Fuair an ceantúir long as Alecsandria ansin a bhí ar aistear na hIodáile, gur chuir uirthi sinn. 7Chuamar go malltriallach ansin ar feadh tamaill de laethanta, agus chuir sé crua orainn béal Chnídas a bhaint amach, agus ó nár fhéadamar treabhadh ar aghaidh in éadan na gaoithe a bhí ann, chuamar ar thaobh an fhoscaidh den Chréit amach ó Shalmóne. 8Sheolamar leis an gcósta siúd is go mba dheacair sin, gur shroicheamar áit a dtugtar na Caomhchuanta uirthi, a raibh cathair Lasaía cóngarach di.
9Bhi mórán ama curtha amú againn, agus bhí sé ag éirí contúirteach an fharraige a thaobhú ó bhí laethanta an trosctha thart cheana féin, agus mar sin thug Pól iarraidh ar chomhairle a chur orthu, 10agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.” 11Ach ba mhó an aird a bhí ag an gceantúir ar fhear stiúrach agus ar shealbhóir an tsoithigh ná ar na briathra seo Phóil. 12Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mbʼfhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.
13Agus nuair a bhí aithleá gaoithe aneas ann, shíl siad go raibh leo, agus thóg siad an t‑ancaire agus sheol siad leo, go dlúth do chladach na Créite. 14Ach níorbh fhada gur thit mórghaoth anoir aduaidh orthu ó thaobh an talaimh, a dtugtar an tonnghaoth uirthi; 15agus ó bhí an long gafa aici, gan é inár gcumas a tosach a thiontú léi, bʼéigean dúinn imeacht leis an ngaoth. 16Chuamar ar thaobh an fhoscaidh dʼoileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal; 17agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus dʼísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi. 18Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige; 19agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é. 20Agus ó bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart gan grian ná réaltaí a theacht ar ár n‑amharc, agus ó nár bheag ná suarach an doineann sin a rug orainn, ní raibh dóchas ar bith fágtha againn le teacht slán as.
21Nuair a bhí tamall fada caite acu gan bhia, tháinig Pól chun tosaigh ina measc, agus ar seisean, “A fheara, ba é bhur gceart éisteacht liom, agus gan dul i bhfarraige ón gCréit agus an chruóg agus an caillteanas sin a thabhairt oraibh féin. 22Ach deirim libh anois croí a bheith agaibh; mar ní chaillfear aon duine agaibh, ach an long amháin. 23Mar an oíche seo bhí teachtaire agam, aingeal ón Dia sin ar leis mé agus a bhíos á adhradh agam, 24agus dúirt sé liom, ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chaesair; agus seo, dheonaigh Dia duit an dream uile go léir atá ar an bhfarraige i do chuideachta.’ 25Bíodh uchtach agaibh mar sin, a fheara, mar tá dóchas as Dia agam go dtarlóidh go díreach mar a insíodh dom. 26Ach caithfimid rith cladaigh a thabhairt don long ar oileán áirithe.”
27Mar sin an ceathrú hoíche dhéag dúinn ag imeacht ó thonn go tonn ar fud mhuir Adriad, um mheán oíche bhí barúil ag na mairnéalaigh go rabhthas ag teacht do chomhair talaimh. 28Thomhais siad an doimhne mar sin agus bhí sí fiche feá; agus thomhais siad arís i ndiaidh dul ar aghaidh giota eile agus bhí sí cúig fheá dhéag. 29Bhi eagla ansin orthu roimh dhul ar na carraigeacha, agus mar sin chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá. 30Agus nuair a bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalú ón long, agus nuair a bhí an bád curtha ar thonn acu ar scáth ancairí a chur amach ar thosach na loinge, 31dúirt Pól leis an gceantúir agus leis na saighdiúirí, “Mura bhfanann na fir seo ar an long, ní fhéadfaidh sibh teacht slán as.” 32Ghearr na saighdiúirí téada an bháid ansin, agus lig siad dó imeacht leis.
33Go díreach roimh bhreacadh an lae, dʼagair Pól orthu uile greim bia a ghlacadh, agus dúirt sé, “Is é seo an ceathrú lá dhéag daoibh nach bhfuil aon ghreim bia blaiste agaibh le tréan imní. 34Táim ag moladh daoibh mar sin greim bia a chaitheamh anois; cuirfidh sé neart in bhur ngéaga, mar níl sé i ndán dʼaon duine agaibh aon ribe dá ghruaig a chailleadh.” 35Nuair a bhí sin ráite aige, ghlac sé arán, agus thug sé buíochas do Dhia i láthair an iomláin acu agus bhris sé é agus thosaigh ar a ithe. 36Ghlac siad uile uchtach ansin leis sin, agus dʼith siad féin greim bia. 37(Bhí iomlán dhá chéad seachtó is sé dhuine ar an long.) 38Agus nuair a bhí a sá ite acu, chaith siad an chruithneacht amach ar an bhfarraige leis an long a éadromú.
39Nuair a ghealaigh an lá, níor aithin siad an tír, ach thug siad faoi deara camas a raibh trá ann, agus chuir siad rompu rith cladaigh a thabhairt don long ansin. 40Mar sin chaith siad amach na hancairí, á bhfágáil ina ndiaidh san fharraige, agus san am céanna scaoil siad na téada a bhí ag ceangal na rámhaí stiúrtha; chroch siad ansin an seol mór don ghaoth agus rinne siad ar an trá. 41Ach bhuail siad ar oitir agus dʼfhág siad an long ina suí ansin; bhí an tosach i ngreim gan corraí as, ach gur stróic na tonnta móra an deireadh as a chéile. 42Bhi sé faoi na saighdiúirí na príosúnaigh a mharú, ar eagla go n‑éalódh aon duine acu ar an snámh; 43ach bhí toil ag an gceantúir anam Phóil a tharrtháil orthu, agus níor lig sé dóibh a mbeart a chur i gcrích. Dʼordaigh sé don mhéid acu a raibh snámh acu léim a thabhairt amach san fharraige agus an talamh a bhaint amach, 44agus dʼordaigh sé don chuid eile dul ar chláir nó ar phíosaí eile a briseadh den long. Agus mar sin tháinig an t‑iomlán acu i dtír slán sábháilte.
Currently Selected:
Gníomhartha 27: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: