Gníomhartha 26
26
1Dúirt Agrippa le Pól, “Tá cead cainte agat agus labhair ar do shon féin.” Shin Pól a lámh amach agus chuaigh sé á chosaint féin.
2“Measaim go bhfuil an t‑ádh orm inniu, a Rí Agrippa, go bhfuil mé os do choinnese do mo chosaint féin in éadan na gcúiseanna uile seo a luann na Giúdaigh i mʼéadan, 3ó tá eolas faoi leith agat ar nósanna na nGiúdach agus ar na ceisteanna is mó a bhíos faoi chaibidil acu; agus táim ag iarraidh ort mar sin éisteacht go foighneach liom.
4“Is feasach do na Giúdaigh uile conas a chaith mé mo shaol i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim ó thús mʼóige. 5Agus tá a fhios acu le fada dá mba mhian leo fianaise a thabhairt air, gur mhair mé i mo Fhairiséach de réir na seicte is déine dár gcreideamhna. 6Agus anois táim i mo sheasamh anseo agus cúirt á cur orm i dtaobh an ghealltanais a rinne Dia dár sinsir, 7a bhfuil dóchas ag ár dhá dtreibh déag lena fháil, agus iad ag adhradh Dé go dúthrachtach oíche agus lá. Agus is i dtaobh an dóchais sin atáthar do mo chúiseamh, a Rí! 8Cad chuige a measann sibh gur dochreidte é, Dia na mairbh a thógáil ar an aiséirí?
9“Chonacthas dom féin gur chóir mórán a dhéanamh ag cur in éadan ainm Íosa as Nasair. 10Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis. 11Agus chuir mé pionós orthu sna sionagóga uile agus mé ag iarraidh é a thabhairt orthu diamhasla a dhéanamh; agus le méid an bhuile a bhí orm ina n‑éadan, bhínn á ngéarleanúint go fiú i gcathracha na coigríche.
12“Mar sin bhí mé ar mʼaistear go dtí an Damaisc le barántas agus údarás na n‑ardsagart. 13I gceartlár an lae, a Rí, chonaic mé agus mé ar mo bhealach solas ó neamh, ba ghile ná an ghrian, ag lonrú i mo thimpeall agus i dtimpeall mo chomhthaistealaithe. 14Agus nuair a bhíomar uile tite go talamh, chuala mé an glór ag rá liom sa teanga Eabhrach, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéar-leanúint? Is crua duit na sála a bhualadh in aghaidh an bhroid.’ 15Agus dʼfhiafraigh mise, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Is mise an tÍosa sin a mbíonn tú á ghéarleanúint. 16Ach éirigh i do sheasamh ar do chosa; mar is chuige sin a thaispeáin mé mé féin duit, le do cheapadh i do sheirbhíseach agus i dʼfhinné ar a bhfuil feicthe agat agus ar a mbeidh le feiceáil agat díom, 17agus mé do do tharrtháil ó do chine féin agus ó na Gintlithe—a bhfuil mé le do chur chucu 18lena súile a oscailt, ionas go n‑iompaí siad ó dhorchadas chun an tsolais agus as cumhacht Shátain chuig Dia, agus go bhfaighidh siad maithiúnas na bpeacaí agus ionad i measc an dreama a naomhaítear trí chreideamh ionamsa.’
19“Dá bhrí sin, a Rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don aisling neamhaí, 20ach ag foilsiú do lucht na Damaisce ar dtús, agus ansin in Iarúsailéim agus ar fud thír Iúdaea, agus do na Gintlithe freisin, go ndéanfadh siad aithreachas agus iompú chun Dé agus na dea-oibreacha is dual dá n‑aithreachas. 21Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú. 22Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise dʼuasal agus dʼíseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích: 23go gcaithfeadh an Críost an pháis a fhulaingt, agus go mba é an chéad duine a thiocfadh ar an aiséirí ó mhairbh ag forógradh solais dár gcine agus do na Gintlithe.”
24Nuair a bhí sé á chosaint féin sna briathra seo, arsa Festus leis de ghlór ard, “A Phóil, an ar buile atá tú; tá do léann iomarcach do do chur ar mearú céille.” 25Ach arsa Pól, “Níl mé ar buile, a Fhestuis, i gcead do do shoilse, níl á rá agam ach an fhírinne lom. 26Mar tá fios na nithe seo ag an rí, agus tá mé á rá suas lena bhéal; mar tá mé cinnte nach bhfuil aon phointe acu seo ceilte air, mar ní dhearnadh seo uile i gclúid faoi rún. 27A Rí Agrippa, an gcreideann tú na fáithe? Tá a fhios agam go gcreideann.” 28Agus dúirt Agrippa le Pól, “Creideann tú go ndéanfaidh tú Criostaí díom i seal beag!” 29Agus dúirt Pól, “Is cuma cé acu beag nó mór é, táim ag guí Dé go raibh sibh ní hamháin tú féin ach a bhfuil ag éisteacht liom inniu mar atá mé féin murab iad na geimhle seo.”
30Dʼéirigh an rí ansin, agus an t‑uachtarán agus Berníce agus a raibh ina suí ina gcuideachta; 31agus nuair a bhí an áit fágtha acu, dúirt siad le chéile, “Níl aon ní á dhéanamh ag an bhfear seo a thuilleas bás ná príosúnacht.” 32Agus arsa Agrippa le Festus, “Dʼfhéadfaí an fear seo a scaoileadh saor murab é a achomharc ar Chaesar.”
Currently Selected:
Gníomhartha 26: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: