1 Tesalóinigh 3
3
1Mar sin, nuair a chuaigh sé thar acmhainn orainn, dʼaontaíomar lenár bhfágáil linn féin san Ataen, 2agus chuireamar Timótéus bráthair dúinne agus freastalaí ag Dia i soiscéal Chríost, chugaibh, le sibh a bhunú in bhur gcreideamh, agus le misneach a chur ionaibh, 3ar eagla go mbainfeadh na cruachásanna seo bogadh as aon duine agaibh. Tá a íhios agaibh féin go bhfuil sin indándúinn. 4Mar nuair a bhíomar agaibh, dʼinsíomar daoibh roimh ré go raibh orainn angar a fhulaingt; mar a tharla, agus mar a tugadh le fios daoibh. 5Is é sin an chúis a bhi liom, nuair nach raibh acmhainn agam air nios faide, le teachtaireacht a chur uaim faoi thuairisc bhur gcreidimh, ar eagla go mbeadh cathú curtha oraibh ag an gcathaitheoir agus go mbeadh ár saothar in aisce orainn.
6Ach anois gur fhill Timótéus orainn uaibh, agus go bhfuil scéal maith leis i dtaobh bhur gcreidimh agus bhur ngrá agus é á rá linn go mbíonn dea-chuimhne agaibh orainn agus go bhfuil an dúil agaibh a bhíos againne le hamharc a fháil ar a chéile arís— 7dá bhrí sin, a bhráithre, ina raibh orainn de chrá agus de chruatan bhí sé mar shólás againn go bhfuil bhur gcreideamh agaibh; 8mar táimidne beo ach sibh seasamh go daingean sa Tiarna. 9Conas is féidir linn a altú mar is cóir le Dia, an t-áthas uile a bhíos orainn fúibh i láthair ár nDé, 10ag guí go dúthrachtach oíche agus lá go bhfeicfímid gnúiseanna a chéile agus go líonfaimid cibé bearna atá in bhur gcreideamh?
11Anois go ndéana ár nAthair Dia féin, agus ár dTiarna Íosa Críost, ár mbealach chugaibh a réiteach; 12agus go gcuire an Tiarna fás agus flúirse ar an ngrá dá chéile agus do na daoine uile ionaibh, mar an grá atá againn daoibh, 13ionas go ndaingní sé bhur gcroíthe le bheith naofa gan smál os comhair ár nDé agus ár nAthar, nuair a thiocfas Íosa Críost agus na naoimh uile.
Currently Selected:
1 Tesalóinigh 3: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland