Eóin 1
BEDELL
1
Caibidil I
Briathar Dé ar ghabhail do bhe na dhuine, 15 teasdas Eoín uime, 49 agus Natanael, (an duine sin gan mheabhuil.)
1Ann sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí ab Bhriathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bríathar. 2Do bhí so ar tús a bhfochair Dé: 3Leisean a táid na huile neither déunta, da ndéarnadh. 4Ann san do bhí beathal agus dob í an bheatha solus na ndáoine. 5Agus soillsighidh an solus sin ann sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é.
6Do cuireadh duine ó Dhía, dár bhainm Eóin. 7Taínic an té so mar fhiadhnuisi, do chum go ndéanadh sé fhiadhnuisi, do chum go ndéanadh sé fiadhnuisi don Tsolus, ionnus go gcreidfidís cách uile thríd. 8Níor bhéiseam an Solus ud, achd do cuireadh é ionnus go ndéanadh sé fíadhnuisi don Tsolus ud. 9Do bé so an Solus fírinneach, shoillsigheas gach uile dhuine dá dtig ar a tsáoghal. 10Do bhí se air a tsáoghal, agus trídsean do rinneadh an sáoghal, achd níor aithin sáoghal é. 11Dionnsuighe a choda féin tháinic sé, agus níor ghabhadar a dháoine féin chuca é. 12Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean: 13Nach bhfuil ar na ngeineamhain ó fhuil, ná ó thoil na colla, ná ó thoil fir achd ó Dhía. 14Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.
15Do rinne Eóin fíadhnuisi dhó, agus do éigh sé, ag rádh, As é so an té air ar labhuir mé, An té thig am dhíaigh ata air na ardugha romham: oír ba táosga é ná misi. 16Agus do ghabhamar uile chugainn as a lán san, agus grása ar son grás. 17Oír do tugadh an reach tré Mhaoisi, achd tháinic grása agus fírinne tré Iósa Criosd. 18Ni fhacaidh neach ar bith Día a riamh; an áoinghein Mhic, atá an uchd a Nathar, as é dfoillsigh é dhúinne.
19Agus as í so fíadhnuisi Eoin, an tan do chuireadar na Iúdaighe ó Ierusalém sagairt agus Lebhítí do chum go bhfíafróchaidis dé, Cía thusa? 20Agus dadaimh seision, agus niór shéun sé; dadaimh sé nar bhé féin Criosd. 21Agus dfíafruigheadar dhe, Créd eile? An tú Elías? Agus a dubhairt seision, Ní mé. An faídh thú? Agus do fhréagair seision, Ní headh. 22Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, Cía thú, ionnus go dtiobhramáois freagra ar an muinntir do chuir úatha sinn. Créd a deir tú ad thimcheall féin? 23A dubhairt seisean, Misi guth an té éighmheas ar an bhfásach, Dírghidh slighe an Tighearna, mar a dubhairt Esaías an faidh.
24Agus an dream do cuireadh budh do na Phairisineachuibh iád. 25Agus dfíafruigheadar dheasean, agus a dubhradar ris, Ar a nadhbharsin créd fá ndéunann tú baisdeadh, muna Críosd, nó Elías, nó an fáidh úd? 26Do fhreagair Eóin dóibh, ag rádh, Baisdimsi lé huisge: achd atá na sheasamh an bhur lársa, an té nach aithne dhíbh. 27A sé so, an té thig am dhíaighse do bhí romham, ag nach fhiú mé íallach a bhróg do sgáoileadh. 28Do rinneadh na neithese a Mbetábara, ar a táobh thall do Iordán, an áit an ar bhaisd Eóin.
29An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt , Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain. 30Ag so an té air ar labhair mé, Thig am dhiáighsi neach do bhi romhan: oír bá táosga é na misi. 31Agus ní raibh aithne agumsa air: achd ionnus go mbíadh sé follus Disraél, as uime sin tháinic mísi ag baisdeadh lé huisge. 32Agus do rinne Eóin fíadhnuisi, ag radh, Do chunnairc mé an Spiorad ag tuirling amhail cholam ó neamh, agus do chomhnuidh sé airsion. 33Agus níor aithin misi é: achd an té do chuir mé do bhaisdeadh lé huisge, as é a dubhairt rium, Gidh bé ar a bhfaicfe tú an Spiorad ag tuirrling, agus ag comhnuighe, sé sin an té bhaisdeas leis an Spiórad Náomh. 34Agus do chunnairc misi, agus do ním fíadhnuisi gur ab é so Mac Dé.
35An lá na dhíaigh sin a rís do sheas Eóin, agus diás dá dheiscioblaibh; 36Agus ar bhfaicsin Iósa ag siobhal. A dubhairt sé; Féuch Uan Dé! 37Agus do chúaladar an dís deisciobal é ag labhairt, agus do leanadar Iósa. 38Agus ar bhfilleadh Díosa, agus ar ná bhfaicsinsean dhá léanmhuin féin, a dubhairt sé riú, Créud atá sibh íarraigh? Agus a dubhradarsan ris, Rabbi (sé sin ré rádh, ar na eidirmhíniughadh, A Mhaighisdir,) gá a ccomhnuigheann tú? 39A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich. 40Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean. 41A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd. 42Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig.
43Ar na mhárach bá mían lé Híosa dul don Ghalilé, agus fuáir sé Philib, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. 44Agus do budh as Betsaída Philib, cathair Aindrías agus Pheadair.
45Fuáir Philib Natánael, agus a dubhairt sé ris, An té air ar sgríobh Máoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseph. 46Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch. 47Do chunnairc Iosa Natánael ag teachd chuige, agus do labhair sé agus adir úime, Féuch an Tisraélach fírinneac ann nach bhfuil meabhuil! 48A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú. 49Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.
50Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Tré go ndubhairt mé riot, Do chunnairc mé thú fáoi an gcrann fíge, an gceideann tú? do chífi tú neithe as mó ná iád so. 51Agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhfaicfidhe ó so amach neamh osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teachd a núas ar Mhac an duine.

Is leis an British and Foreign Bible Society an cóipcheart. Copyright British and Foreign Bible Society.

Learn More About Bedell An Biobla Naomhtha 1817