YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 2

2
Caibidil II
An céud mhirbhuile ag banais Chana, 14 agus céud-ghlanadh an Teampuill, re Hiosa, 23 nach taóbhadh e fein re daoinibh diombúan a gcreidimh.
1Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann: 2Agus do goireadh Iósa fós agus a dheisciobail, chum an phósda, 3Agus an tan do thréig fíon, a dubhairt máthair Iósa ris, Ní bhfuil fíon aca. 4A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós. 5A dubhairt a mháthair ris an luchd friothóilmhe, Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh é. 6Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin, do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca. 7A dubhairt Iósa riú, Liónaidh na soithighe so duisge. Agus do líonadar iád go soithe mbrúachaibh. 8Agus a dubhairt sé riu, Tairrngidh a nois, agus beiridh chum úachdaraín an fhéusda é. Agus rugadar. 9Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige, 10Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois. 11As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.
12Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:
13Oír do bhí cáisg na Niúdaigheadh a bhfogus, Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém. 14Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh agus cáorách agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe: 15Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár. 16Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda. 17Agus do chuimhnigheadar a dheisciobailsean go raibh sgriobhtha, Duáidh éud do thighesi súas mé.
18Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi? 19Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtrí láethibh. 20Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iuduidhe, Sé bliadhna agus dá fhichead do bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethibh é? 21Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision. 22Ar a nadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chuimhnigheadar a dheisciobail go ndubhairt sé so ríu; agus do chreideadar don sgriobtuir, agus do bhréithir a dubhairt Iósa.
23Agus ar mbeíth a Niérusalém dhó fá cháisg, an fhéusda, do chreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rinne sé. 24Achd ní tháobhadh Iósa é féin riú, tré gur aithin sé iád uile, 25Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiádhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.

Currently Selected:

Eóin 2: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy