Nehemia 7
7
Caibidil VII.
Do hórduigheadh gach neithe le crionnachd. 5 Geinealuigh agus uíbhir na ndaoine a ttainic as Baibilon.
1Anois tárla, a nuáir do bhí an balla déanta, agus do chuir misi na dóirsi súas, agus na doirseóirigh agus an lucht ceóil agus na Lebhítigh orduighthe,
2Go ttug mé dom dhearbhrathair Hanáni, agus do Hananiah uachdarain an phaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do bhí sé na dhuine fhírinneach, agus eagla Dé ar ós cionn mhóráin.)
3Agus a dubhairt mé ríu, Ná hoscaltar geatadha Ierusalem nó go ttéighidh an ghrían; agus an feadh sheasfuid síadsan do leathtaóibh, druididís na doirse, agus cuiridís barradha orra: agus órduighidh luchd faire do áitreabhachaibh Ierusalem, gach éanduine iona áit faire, agus gach áonduine do bheith as cuinne a thighe féin.
4Anois do bhí an chathair fairsing mór: agus beagan daóine inte, agus níor cuireadh na tighthe súas.
5¶ Agus do chuir mo Dhíasa ann mo chroidhe na huáisle do chruinniughadh a gcionn a chéile, agus na huachdaráin, agus an pobal, chor go náireomhthaoi íad le na nginealach. Agus fuáir mé leabhar ginealuigh na méide tháinig a níos a chéad uáir, agus fuáir mé scríobhtha annsin,
6Asíadso clann na proibhinse, do chuáidh súas as a ndaóirsine, don luchd rugadh ar siubhal, agus noch rug Nebuchadnessar rígh na Babiloine ar siubhal, agus thangadar a rís go Hierusalem agus go Iúdah, gach áon da chathruigh féin.
7Noch Tháinic le Serubbabel: Iessua, Nehemiah, Asariah, Raamiah, Nahamani, Mordecai, Bilsan, Misperet, Bigbhai, Nehum, Baanah. Do bí so uibhir dhaóine phobail Israel;
8Clann Pharos, dhá mhíle céud agus seachtmhodhad agus días.
9Clann Shéphatiah, trí chéad seachdmhoghad agus días.
10Clann Arah, sé chéud cáogad agus días.
11Clann Phahat‐moab, do chloinn Iessua agus Ioab, dhá mhíle agus ocht ccéud agus a hochd déug.
12Clann Elam, míle dhá chéud cáogad agus ceathrar.
13Clann Shattu, ocht ccéud ceathrachad agus cúigear.
14Clann Shaccai, seacht ccéud agus trí fithchid.
15Clann Bhinnui, sé chéud ceathrachad agus ochtar.
16Clann Bhebai, sé chéad fithche agus ochtar.
17Clann Asgad, dhá mhíle trí chéud fithche agus días.
18Clann Adonicam, sé chéud trí fithchid agus móirsheisear.
19Clann Bhigbhai, dhá mhíle trí fhithchid agus móirsheisior.
20Clann Adin, sé chéud cáogad agus cúigear.
21Clann Ader ó Heseciah, nóchad agus ochtar.
22Clann Hassum, trí chéad fhithche agus ochtar.
23Clann Bhesai, trí chéud fhithche agus ceathrar.
24Clann Hariph, céud agus dhá fhear dhéag.
25Clann Ghibeon, nóchad agus cúigear.
26Fír Bhetlehem agus Netóphah, céud ceithre fhithchid agus ochdar.
27Fir Anatot, céud fhithche agus ochtar.
28Fir Bhet‐Asmabhet, ceathrachad agus días.
29Fir Chiriat‐Iarim, Chephira, agus Bheerot, seachd ccéad ceathrachad agus tríur.
30Fir Ramah agus Gheba, sé chéud fhithche agus áon.
31Fir Mhichmas, céud fhithche agus días.
32Fir Bhetel agus Ai, céud fhithche agus tríur.
33Fír Nebo oile, cáogad agus a dias.
34Clann an Elam oile, míle dhá chéud cáogad agus ceathrar.
35Clann Harim, trí chéud agus fhithche.
36Clann Iericho, trí chéud ceathrachad agus cúigear.
37Clann Lod, Hádid, agus Ono, seachd ccéad fhithche agus áon.
38Clann Shenaah, trí mhíle naói ccéud agus tríochad.
39¶ Na sagairt: clann Iedaia, ó thigh Iessua, naói ccéud seachdmhoghad agus tríur.
40Clann Immer, míle cáogad agus días.
41Clann Phassur, míle dhá chéad ceathrachad agus móirsheisior.
42Clann Harim, míle agus seachd bhfir dhéag.
43¶ Na Lebhítigh: clann Iessua, ó Chadmiel, agus do chloinn Hodebhah, seachtmhoghad agus ceathrar.
44Na cantairigh: clann Asaph, céad ceathrachad agus ochtar.
45Na doirseórigh: clann Shallum, clann Ater, clann Thalmon, clann Accub, clann Hatita, clann Shobai, céad tríochad agus ochtar,
46¶ Na Netinimigh: clann Shiha, clann Hasupha, clann Thabaot,
47Clann Cheros, clann Shia, clann Phadon,
48Clann Lebana, clann Hagaba, clann Shalmai,
49Clann Hanan, clann Ghiddel, clann Ghahar,
50Clann Reaiah, clann Resin, clann Necoda,
51Clann Ghassam, clann Ussa, clann Phaseah,
52Clann Bhesai, clann Mheunim, clann Nephissesim,
53Clann Bhacbuc, clann Hacupha, clann Harhur,
54Clann Bhaslit, clann Mhehida, clann Harsa,
55Clann Bharcos, clann Shisera, clann Thamah,
56Clann Nesiah, clann Hatipha.
57¶ Clann sherbhíseach Sholuimh; clann Shotai, clann Shopheret, clann Pherida.
58Clann Iaala, clann Darcon, clann Ghiddel,
59Clann Shephatiah, clann Hattil, clann Phocheret ó Shebaim, clann Ammon.
60Na Netinimigh uile, agus clann sherbhíseach Sholuimh, do budh trí chéud nóchad agus días.
61Agus dob íadso an mhéid mar an ccéadna do chuáidh súas ó Thel‐melah, Thel‐haressa, Cherub, Addon, agus Immer: acht níor fhéadadar tigh a nathar dinnisin, nó a síol, an do Israel íad.
62Clann Delaiah, clann Thobiah, clann Necoda, sé chéad ceathrachad agus días.
63¶ Agus do na sagartuibh: clann Habaiah, clann Chos, clann Bharsillai, noch thug inghean do Bharsillai an Gileadíteach na mnaoi, agus do goireadh íad do réir a nanma.
64Díarradarso a seanchus a measg na muinntire do háirmheadh tré na nginealach, acht ní fríth é: uime sin mar dhaóine cáidheacha, do cuireadh ón tsagartachd íad.
65Agus a dubhairt an Tirsata riú, nach íosaidís do na neithibh ro náomhta, nó go néirgheadh súas lé Hurim agus le Tummim.
66¶ An comhchruinniughadh uile go hiomlán, budh ceathrachad agus dá mhile trí chéad agus trí fhichthid.
67Táobh amuigh da noglachaibh agus da mbanóglachaibh, da raibh seacht mile trí chéad tríochad agus móirsheisior: agus do bhí dhá chéad cheathrachad agus a cúig dfearuibh ceóil agus do mhnáibh ceóil aca.
68A neich, seacht ccéad tríochad agus a sé: múilhdhe, dhá chéad ceathrachad agus a cúig.
69A gcámhuill, ceithre chéud tríochad agus a cúig: sé mhíle seacht ccéud agus fhithche assal.
70¶ Agus thug cuid do thogha na naithreadh chum na hoibre. Thug an Tirsata chum a nionnmhuis míle drama óir, caogad báisín, cúig cceud agus tríochad culaidh shagairt.
71Agus thugadar cuid do thogha na naithreadh chum stóir na hoibre fhithche mile drama oir, agus dhá mhíle agus dá chéad punta airgid.
72Agus isé méid thug an chuid oile don phobal úatha fhithche míle drama óir, agus dhá mhíle punta airgíd, agus trí fhithchid agus seachd cculadhacha sagart.
73Marsin do áitigheadar na sagairt, na Lebhitígh, agus na doirseóirigh, agus na Netinimigh, agus Israel uile, iona ccaithreachaibh; agus a nuáir tháinic an seachtmhadh mí, do bhádar clann Israel iona ccaithreachaibh.
Currently Selected:
Nehemia 7: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)