YouVersion Logo
Search Icon

Nehemia 6

6
Caibidil VI.
Bacadh sa nobair, ó naimhdibh; 10 ó fhaighibh bréige, 17 agus ó fhaille dhaoine na tire.
1Anois tárla, a núair do chúala Sanballat, agus Tobiah, agus Gessem an Tarábianách, agus an chuid oile dar naimhdibh, gur chuir misi an balla súas, agus nar fágbhadh beárna ar bith air; gidh nar chuir mé fa namsin doirsi súas air na geatadhuibh;
2Gur chuir Sanballat agus Gessem fios chugam, ghá radh, Tárra, teagbham re chéile a mbaile éigin a réiteach Ono. Acht do shaóileadarsan urchóid do dhéanamh dhamhsa.
3Agus do chuir misi teachta chucasan, gha rádh, Atáim ag déanamh oibre móire, uimesin ní fhéaduim dul síos: cred fá sguirfeadh a nobair, an feadh dfúigfinnsi í, agus teacht síos chugaibhsi?
4Gidheadh do chuireadar fios chugam ceithre huáire air an modhso; agus do fhreagrainnsi íad ar an ccor ccéadna.
5¶ Ann sin do chuir Sanballat a shearbhfhoghantuigh chugam air an modh ccéadna an cúigeadh huáir le litir oscuilte iona láimh;
6Iona raibh scríobhtha, Do hinnseadh a measg na ngeinteadh, agus a deir Gasmu é, go bhfuil tusa agus na Iúduighe ar tí cogaidh do dhéanamh: an chúis fa bhfuil tú ag déanamh an bhalla, chor go mbeitheá ad rígh orra, do réir na mbriatharsa.
7Agus dórduigh tú mar an gcéadna fáidhe do sheanmóir ort féin ann Ierusalem, gha rádh, Atá rígh ann Iúdah: agus anois inneostar so don rígh do réir na mbriatharso. Tárr anois ar a nadhbharsin, agus déanam comhairle re chéile.
8Ann sin do chuir misi scéula chuige, gha rádh, Ní dhéarnadh éinní don tsórt sin a deir tú, acht tusa da ccuma as do chroidhe féin.
9Agus do chuireadar uile eagla oruinn, gha rádh, Laigeochtar a lámha ó nobair, chor nach déantar í. Anois ar nadhbharsin ó a Dhía neartuigh mo lámha.
10¶ Na dhiáigh sin tháinic mé go tigh Shemaiah mhic Delaiah mhic Mehetabel, noch do híadhadh a stigh; agus a dubhairt seision, Téanum teagmhamáois dha chéile a ttigh Dé, a stigh san teampall, agus druideam daoirsi an teampuill: óirtiucfaid síad dot mharbhadh; annsa noidhche a seadh, thiucfaid síad dot mharbhadh.
11Agus a dubhairt misi, An tteithfeadh duine mar misi? agus cía hé, do bheith mar misi, do rachadh don teampall do dhídean a anma? ní racha misi a steach.
12Agus, cheana, do aithin mé nach é Día do chuir úadha é; acht gur fhoillsigh sé an tairghiresi am aghaidh: óir dfostóigh Tobiah agus Sanballat é.
13As uimesin do lúachuigheadh é, do chur eagla orumsa, agus sin do dhéanamh, agus peacughadh, agus go bhfuighedís cúis drochthúarascbhála, le maisleochaidís mé.
14O mó Dhía, smuáinsi ar Thobiah agus ar Shanballat do réir a noibreacha, agus ar an mbanfháidh Noadiah, agus air an ccuid oile dona fáighibh, ler mhían eagla do chur orumsa.
15¶ Marsin do chríochnuigheadh an balla annsa ccúigeadh fithchiod don mhí Elul, a ndá lá ar cháogad.
16Agus tárla, a núair do chúaluidh ar naimhde uile sin, agus na huile gheinte do bhí ar gach táobh dhinn, a nuáir do choncadar na neithesi, do cuireadh síos go mór íad iona súilibh féin: óir do thuigeadar gurob ó ar Ndíane do rinneadh a nobairsi.
17Tuilleamh oile do chuireadar uáisle Iúdah annsna laethibh sin mórán litreach go Tobiah, agus do thigdís litreacha Thobiah chucasan.
18Oír do bhí mórán ann Iúdah thug mionna dhó, do bhrígh gur chlíamhuin é do Shechaniah mhac Arah; agus thug a mhac Iohanan ínghean Mhessullam mhic Berechiah.
19Dinnseadar fós a ngníomha maithe am lathairsi, agus dinnsedís mo bhriathrasa dhó. Agus do chuir Tobiah litreacha úadha do chur eagla orumsa.

Currently Selected:

Nehemia 6: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in