Nehemia 13
13
Caibidil XIII.
Leasughadh Nehemiah ar mhíoghnaightibh na righeachta; 10 na heagluise; 23 agus na tteaghlach.
1Ar an lá sin do léigheadar a leabhar Mhaóise a néisteacht an phobail; agus fríth scríobhtha annsin, nach ttiucfadh an Tammoníteach agus an Moabíteach a ccomhchruinniughadh Dé go bráth;
2Do bhrígh nar airciseadar clann Israel le harán agus le huisce, acht Balaam do lúachughadh na naghaidh, dá mallughadh: acht chéana diompóigh ar Ndíane an mallughadh na bheannughadh.
3Anois tárla, a núair do chúaladar an dligheadh, gur dhealuigheadar as Israel an drong chumuisc uile.
4¶ Agus roimheso, do bhí Eliasib an sagart, agá raibh feithiomh ós cionn sheomra thighe Dé, a ccleamhnus re Tobiah:
5Agus do ghléus sé seomra mór dhó, mar a ccuirdís roimhe a namsin biadh na nofrálach bídh, an túis, agus na soithighe, agus deachmhadha a narbha, a nfíona nuáidh, agus na hola, noch do hórduigheadh do na Lebhítibh, don lucht ceóil, agus do na doirseóirighibh; agus ofrála na sagart.
6Acht ar feadh na háimsiresi uile ní rabhusa ann Ierusalem: óir annsa dara blíadhuin déag ar fhithchid do Artacsercses rígh na Babilóine tháinic misi chum an rígh, agus tar éis láetheadh áirigh do fúair mé cead an rígh:
7Agus tháinic mé go Hierusalem, agus fuair mé scéula a nuilc do rínne Eliasib ar son Thobiah, a ngléus shéomra dhó a ccúirtibh thighe Dé.
8Agus do ghoíll sin orum go gér: nimesin do theilg mé amach áirnéis tighe Thobiah uile as an tséomrá.
9Anusin thug mé aithne, agus do ghlanadarsan na séomradha: agus thug misi a rís annsin soithighe thighe Dé, maille ris a nofráil bídh agus an ttúis.
10¶ Agus do thuig mé nach ttug thaoi cuid ronna na Lebhíteach dhóibh: óir na Lebhítigh agus an luchd ceóil do rinne a nobair, do theitheadar gach áon aca dá mhachaire féin.
11Ann sin do aighnis mísi ris na riaghlóiribh, agus a dubhairt, Cread as ar tréigeadh tigh Dé? Agus do chruinnigh misi íad a ccionn a cheile, agus do chuir mé na náitibh féin íad.
12Ann sin thúg Iúdah uile deachmhadh a narbha agus a nfíona nuáidh agus na hola gus na stórúisuibh.
13Agus do rinne misi stóruighthe ós cionn na stórús, Selemiah an sagart, agus Sadoc an scribhneóir, agus do na Lebhitibh, Pedaiah: agus na ndiáigh sin do bhí Hanan mhac Saccur, mhic Mattaniah: óir do measadh fíréunta íad, agus do bí a noifig roinn ar a ndearbhráithribh.
14Cuimhnigh misi, ó mo Dhía, dá tháobh so, agus ná scrios amach mo dheighghníomhartha do rinne mé ar son thighe mo Dhé, agus ar son a oifigeach sin.
15¶ Annsua láethibh sin do chonnairc mé ann Iúdah daóine ag brúghadh fíneamhna annsa tsábbóid, agus ag tabhairt punnann a steach, agus ag cur úalach ar assaluibh; agus fíona mar an gcéadna, agus cáor, agus fígeadh, agus gach uile shórt úaluigh dá ttugaidís go Hierusalem annsa tsábboid: agus dfíadhnuigh misi annsa ló ionar reacadar bíadh.
16Dáitigheadar daoine do Thíor fa namsin ann sin, do bheireadh íasg léo, agus gach uile shórt éarradha, agus do reacadh íad san tsábbóid re cloinn Iúdah, agus re Hierusalem.
17Annsin do ghlac fearg misi re huáislibh Iúdah, agus a dubhairt mé riú, Cred an droichní so do níthí, agus lá na sábbóide do throchlughadh?
18Ané nach deárna bhur naithre marso, agus nach ttug ar Ndía an tolcsa uile oruinn, agus ar an ccathruighsi? atáthaóise fós ag tarruing tuilleamh uilc ar Israel le briseadh na sábbóide.
19Agus tárla, fa nam ar thionnscnadar geatadha Ierusalem bheith dorcha roimhe an tsábbóid, gur aíthin misi na geatadha do dhrud, agus dfuágair mé gan a noscladh nó go ttíocfadh déis na sábbóide: agus do chuir mé cuid dom mhuinntir ag na geatadhuibh, chor noch ttiubharthaói áon úalach a steach annsa tsábbóid.
20Mársin do luigheadar na ceannuighthe agus lucht reaca gach aon tsóirt earradh táobh amuich Dierusalem uáir nó dhó.
21Annsin dfíadhnuigh misi na naghaidh, agus a dubhairt mé, Cred fá luidhthí timchioll an bhalla? má níthí sin a ris, leacfa misi lámha oruibh. O a núairsin amach ní thangadar ní is mó ar an tsábbóid.
22Agus daithin mé do na Lebhítibh, íad féin do ghlanadh, agus teacht agus na geatadha do choimhéad, do náomhadh na sábbóide. Cuimhnigh orumsa, ó mo Dhía, uime so mar án ccéadna, coigil mé do réir mhéad do thrócaire.
23¶ Annsna láethibhsin fós do chonnairc mé Iúdúighthe do phós mná ó Asdod, ó Ammon, agus ó Mhoab:
24Agus do labhradar a clann leath a tteanguidh Asdod, agus níor fhéadadar labhairt san teanguidh Iúduighe, achd do réir theangtha gacha pobail.
25Agus do ghabh fearg misi ríu, agus do mhalluidh mé íad, agus do bhuáil mé cuid aca, agus do tharruing mé a ngrúaga, agus thug mé orra Día do thabhairt mar mhionnuibh, ghá rádh, Ní thiubharthaói bhur ningheana dá macaibh, agus ní ghéubhthaói a ningheana dá bhur macaibh, nó dhaóibh féin.
26Nach ar pheacuigh Solumh rígh Israel leis na neithibhsi? gidh nach raibh a niomad críoch a leithéid do rígh, noch dob ionmhuin le na Dhía, agus do rinne Día rígh dhe ós cionn Israel uile: thairis sin thug mná coimhíghtheacha airsion féin peacughadh.
27A néistfimne maiseadh ribhsi ag déanamh a nuilc mhóirsi uile, do shárughadh a naghaidh ar Ndé lé pósadh ban coimhightheach?
28Agus do bhí aon do mhacaibh Ioíada, mhic Eliasib an tárdshagart, na chlíamhuin ag Sanballat an Horoniteach: uime sin do dhíbir mé uáim é.
29Cuimhnigh orra, ó mo Dhía, do bhrígh gur thruáilligheadar an tsagartachd, agus cunnradh na sagartachda, agus na Lebhíteach.
30Marso do ghlan mé íad ó na huile choimhíghtheachaibh, agus dórduigh mé faire na sagart agus na Lebhiteach, gach aon iona ghnothuighe féin;
31Agus chum na hofrála connaidh, ar na huáiribh cinte, agus chum na bprímidleach. Cuimhnigh orum, ó mo Dhía, chum maithiosa.
Currently Selected:
Nehemia 13: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)