YouVersion Logo
Search Icon

Ester 1

1
Caibidil I.
Tar éis nabhar Bhasti, 13 tugadh fuagra, gach fear do riaghladh iona thigh feín.
1Anois tárla a láethibh Ahasuerus, (isé so an Tahasuerus do budh rígh ón India go nuige an Netíopia, ós cionn chéud agus seachd bprobhinnseadh fithchiod:)
2Annsna láethibhsi, fa nam a raibh an rígh Ahasuerus na shuidhe ann a chatháoir ríogha, noch do bhí ann Súsan an pálás,
3Annsa treas blíadhuin dá ríghe, go ndéarnuigh sé féasta dá phrionnsadhuibh uile agus dá shearbhfhoghantuibh; air mbeith do chumhachtuibh na Persia agus na Media, uáisle agus prionnsadha na bproibhinnseadh, dhá lathair:
4A núair do thaisbéin sé saidhbhrios a rioghachta ghlórmhuire agus onóir a mhórdhachda mórán do láethibh, eadhon céad agus ceithre fithchid lá.
5Agus a nuáir do caitheadh na láethesin, do rinne an rígh féusta do na dáoinibh uile do bhí da lathair ann Súsan an pálás, aráon don mhór agus don bheag, seachd lá, a ccúirt gháirdín pháláis an rígh;
6 Mar a rabhadar bruit bhána, ghlasuáine, agus gorma, air na ndaingniughadh lé córduighibh do lméadach fhínealta agus do phurpuir dfáinneadhuibh airgid agus do phileuribh marmuir: do bhádar na leabtha dór agus dairgiod, air urlár do mharmair dhearg, agus ghorm, agus bhán, agus dhúibh.
7Agus do dháileadar deocha órra a soighthighibh óir, (na soithighe éacsamhuil tar a chéile), agus fion ríoghamhuil go hiomarcadh, do réir chumuis an rígh.
8Agus do bhí an tól do réir an dlighe; níor coimhéignioghadh aonduine: óir is marsin dórduigh an rígh doifigibh an tighe, go ndéaindís do réir thoile gach aonduine féin.
9Mar an ccéadna do rinne Bhasti an bhainríoghan féusta do na mnáibh annsa tigh riogha bá le Ahasuerus an rígh.
10¶ Ar an seachdmhadh lá, a nuáir do bhí croidhe an rígh súgach ó fhíon, daithin sé do Mhehuman, do Bhista, do Harbona, do Bhigta, do Abagta, do Shethar, agus do Charcas, an móirsheisior seomradóirigh dfoghnadh a bhfiaghuúise an rígh Ahasuerus,
11An bhainríoghan Bhasti do thabhairt a lathair an rígh gun a coróin ríogha, do thaisbéanadh a sgéimhe don phobal agus do na prionnsadhuich: óir breádhgha í ré féuchuin uirre.
12Acht do dhíuilt an bhainríoghan Bhasti teacht lé haithne an rígh sheomradóirighibh: uimesin do bhí an rígh rofheargach, agus do las a fhearg ann.
13¶ Annsin a dubhairt an rígh ris ná daóinibh críonna, dar bhaithne na haimseara, (óir do bé sin gnáth an rígh a ttáobh a nuile dhuine agá raibh fios dlíghe agus breitheamhnuis):
14Agus isé budh foicsi dhó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seacht bprionnsuigh na Persia agus na Média, noch do chonnairc aghuidh an rígh, agus do shuigh ar ttús annsa rioghacht;
15Cred do dhéanam ris an mbainríoghain Bhasti do réir an dlighe, do bhrígh nar choimhlíon sí aíthne an rígh Ahasuérus leis na seomradóirighibh?
16Agus do fhreagair Memucan a lathair an rígh agus na bprionnsadh, ní hair an rígh amhain do rinne an bhainríoghan Bhasti éaccóir, acht air na prionnsadhuibh uile, agus air an bpobal uile atá a nuile bproibhinnsibh an rígh Ahasuerus.
17Do bhrígh go rachaidh an gníomhsa na bainríoghna amach gus a nuile mhuaói, iondus go ndéanuid beagán dá bhfearuibh iona súilibh, a núair inneostar é, Daithin an rígh Ahasuerus an bhainríoghan Bhasti do thabhairt a steach dá lathair, acht ní tháinic sí.
18 Mar an geéadna a déaruid baintighearnuigh na Persia agus na Media san ló so re uile phrionnsadhuibh an rígh, noch do chúalaidh gníomh na bainrioghna. Marsoéireochuidh iomarcuidh dísbeaguidh agus feirge.
19Mas toil leis an rígh é, eirghiodh aithne ríogha úadh, agus scriobhthar í a measc dhlighe na Bpersianach agus na Medianach, go nach áthruightear í, Gan Bhasti do theacht ní sa mho do lathair an rígh Ahasuerus; agus tugadh an rígh a sdaid ríoghasa dáon is féarr ná í.
20Agus a núair fhoillseochar órdughadh an rígh noch do bhéara sé úadh air feadh a impireachta oile, (bíodh gur mor í), do bhéaruid na mná uile onóir dá bhfearuibh, araon don mhór, agus don bheag.
21Agus do thaitin an nísin ris an rígh agus ris na prionnsadhuibh; agus do rinne an rígh do réir bhréithre Mhemucan:
22Oir do chuir sé litreacha ar feadh proibhinnseadh an rígh, chum gach aon phroibhinnsi do reir na scríbhinne sin, agus chum gach aon phobail do réir a tteangtha, gach fear do ríaghladh iona thigh féin, agus sin dfoillsiughadh do réir theangtha gach phobail.

Currently Selected:

Ester 1: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in