Matha 2
2
Caibidil II
Donoriugh na draaóithe Criosd; 14 Theigh Ióseph leis do Egipt, 16 agus mharbh Ioruaith na leanba.
1Agus an tan do rugadh Iósa a Mbetleem thíre Iúdaighe a laithibh Iorúaith an rí, féuch, tangadar dráoithe ó naird shoir Híarusalem, 2Ag rádh, Ga háit iona bhfuil an Rí úd na Niúduigheadh atá ar na bhreith? óir do chunncamaírne a réalt san aire shoir, agus tangamar dá onórughadh.
3Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris. 4Agus ar gcruinniughadh úachdarán na sagart uile dhó agus sgriobuidheagh an phubail, do fhíafruigh sé dhióbh, Cía a náit ann a mbéartháoi Chriosd. 5Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh, 6Agus tusa a Bhetleem, talamh Iúda, ní tú is Iugha eidir dhúibhcidhibh Iúdah: óir is asad thiocfas an Duibhce, sdúireóchus mo phubal Israel. 7Agus an sinn do ghoir Iorúaith, na dráoithe ós íseal chuige, agus do fhíafruigh sé dhíobh go rougher cía a naimsear ionar foillsigheadh an réult.
8Agus agá gcur go Beitleem dhó, a dubhairt sé, Imthige agus iárruigh an náoidhe go díthchiollach; agus tar eís a fhaghala dháoibh, innisigh dhamsa é, do chum go rachainnsi féin agus go dtiobhruinn onóir dhó. 9Agus ar gcuinsin an rígh dhóibh do imthigheadar; agus, féuch, an réult, do chunncadar sa náird shoir, do chuáidh sé rompa, no go dtaínic sé agus gur chomhnuigh sé ós cionn a nionuid ann a raibh an náoidheanán. 10Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád.
11Agus ar ndul a steach don tigh, fúaradar an náoidhe a bhfochair a mharthar Muire, agus ag tuitiom síos, do onóruigheadar é: agus an nosgladh a gcisdeagh, thugadar tiodhluicthe dhó: ór, agus túis agus mirr. 12Agus ar bhfagháil teaguisg ó Dhía a naisling gan casadh dionsuighe Iorúaith, do fhilleadar a slighe eile da dtir féin.
13Agus ar nimtheachd air a nais doibh, feach, do toibhreadh aingeal an Tighearna a mbrionglóid do Ióseph, ag radh, Eirigh agus gabh anáoidheanán agus a mhathair chugad, agus teith do Néigipt, agus bi ann sin no go Iabhruidh misi riot: óir íarrfuidh Iorúaith an náoidhe do chum a mhillte. 14Agus ar néirghe dhósan, do ghabh sé an náoidhe chuige agus a mathair ann sa noidhche, agus do imthigh sé do Néigipt: 15Agus do bhí se ann sin go bás Iorúaith: do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna leis an bhfaigh, a deir, Do ghoir mé mo mhac as a Néigipt.
16Ann sín an tan do chonnairc Iorúaith, go ndearnadar na dráoithe fonómhad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úadh, do mharbh sé a raibh do leanbaibh-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaibh uile, ó áois dhá mblíadhan nó fáoi, do reír na haimsire dfoghluim sé go dithchiollach ó na dráoithibh. 17Is annsin do coimhliónadh an ní, a dubhairt Ieremías an fáigh, a deir, 18Do chlos gurh a Ráma, cáoí, agus gul, agus úallfurtach romhór, Rachel a cáoineadh a cloinne, agus níor bháil le sólás do ghlacadh, tré nach rabhadar.
19Agus an tan fúair Iorúaith bás, féuch, do toibhreadh aingeall an Tighearna a mbriónglóid do Ióseph sa Néigipt. 20Ag rádh, Eírigh, gabh chugad an leanabh agus a mhathait, agus imthigh go talamh Israél: óir fúaradar an dream do bhí ag iárruidh anma an leinibh bás. 21Agus do eírigh seisean, agus do ghabh sé an leanabh agus a mhathair chuige, agus tainic sé go talamh Israél. 22Agus an tan do chúaluidh sé Archeláus do bheith na rí a ttír Iúdaighe a nionad Iorúaith a athar, do bhí eagla air dul innte: achd cheana, ar bhfagháil teaguisg ó Dhía dhó a mbriongloid, do iompóidh sé go críochaibh na Galilé: 23Agus an tan thánic sé ann, do chomhnuigh sé sa gcathair dá ngoirthear Násaret: do chun go gcomhlíonfuidhthe an ní a dubhradh ris na fáighibh, Go ngoirfighe Nasardha dhe.
Currently Selected:
Matha 2: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)