YouVersion Logo
Search Icon

Matha 1

1
Caibidil I
Sinsiorrachd, 18 geineamhuin, 21 agus miniughadth ainm Chriosd.
1Leabhar gheinealuigh Iósa Críosd, mhic Dhaibhi, mhic Abraham.
2Do ghein Abraham Isaac; agus do ghein Isaac Iacob; agus do ghein Iacob Iúdas agus a dhearbhráithre; 3Agus do ghein Iúdas Pháres agus Sára ó Thamar; agus do ghein Pháres Esrom; agus do ghein Esrom Aram; 4Agus do ghein Aram Aminadab; agus do ghein Aminadab Náason; agus do ghein Náason Salmon; 5Agus do ghein Salmon Boos ó Rachab; agus do ghein Boos Obed ó Rút; agus do ghein Obed Iesse; 6Agus do ghein Iesse Dáibhi an rí; agus do ghein Dáibhi an ri Solomon on mnáoi do bhi ag Urías; 7Agus do ghein Solomon Robóam; agus do ghein Robóam Abía; agus do ghein Abía Asa; 8Agus do ghein Asa Iósaphat; agus do ghein Iósaphat Ióram; agus do ghein Ióram Osías 9Agus do ghein Osías Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; agus do ghein Achas Esechias 10Agus do ghein Esechías Manasses; agus do ghein Manasses Amon; agus do ghein Amon Iosías; 11Agus do ghein Iosías Iechonías agus a dhearbhráithre, ag bruid na Babilóine. 12Agus tar éis bruide na Babilóne, do ghein Iechonias Salatiel; agus do ghein Salatiel Sorobabel 13Agus do ghein Sorobabel Abiúd, agus do ghein Abiúd Eliachim; agus do ghein Eliáchim Asor; 14Agus do ghei Asor Sádoc; agus do ghein Sádoc Achim; agus do ghein Achim Eliúd; 15Agus do ghein Eliúd Eleasar; agus do ghein Eleasar Mátan; agus do ghein Mátan Iácob; 16Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire, as ar geineadh Iósa, da ngoirthear Críosd.
17Uime sin a nuile gheinealach ó Abraham go Dáibhi is ceithre gheinealach dég iad; agus ó Dháibhi go bruid na Babilóne ceithre glúine dég; agus ó bhruide na Babilóne go Chríosd ceithre glúine dég.
18Agus is mar so do bhí geineamhuin Iosa Chríosd: Oir tar éis daingin do thabhairt eidir a mhathair Muire agus Ioséph, ní is táosga na thangadar a ngar dá cheile fríoth torrach í ón Spiorad Náomh. 19Achd ar mbeith do Ióseph a fear, na dhuine comhthrum, agus nár bháill leis isiompláir do dhéanamh dhi, bá mían ris a cur úadh ós íseall 20Agus ag smúaineadh na neithise dhó féuch, do fhoillsigh aingeall an Tighearna e féin dó a naisling, ag rádh, A Ióseph, mhic Dháibhi, na bíodh eagla ort do bhean fein Muire do ghabháil chugad; oir an ni atá ar na gheineamhuin innte is ón Spiorad Náomh é. 21Agus béaruidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Iosa dainm air: óir sláineochadh sé a phubal féin ó na bpeacuighibh. 22Agus do rinneadh so uile, do chum go gcoimhlíonfuighthe an ní a dubhairt an Tighearna tres an bhfaidh, ag rádh, 23Tabhair dod aire, bíaidh maighdean tórrach, agus bearuidh sí mac, agus do bhéaruidh tú Emmanuel dainm air, noch ar na mhiniughadh, iseadh, Día maille rinn. 24Agus ar músgladh do Ióseph as a chodladh do rinne sé mar do aithin aingeal an Tighearna dhe, agus do ghabh sé chuide a bhean: 25Agus nior aithin sé í no go rug sí a céudmhac: agus tug sé Iosa dainm air.

Currently Selected:

Matha 1: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy