Job 3
3
Caibidil III.
Iób, a ccumhgach mhoír, do mhalluigh sé an lá íona rugadh é.
1Na dhiáigh so dfoscuil Iób a bheul, agus do mhalluigh se a lá.
2Agus do labháir Iób, agus a dubhairt,
3Imthigheadh seachad an lá iona rugadh mé, agus a noidhche iona ndubhradh, Atá leanabh mic ar na ghineamhuin.
4Bíodh an lá sin na dhorchadas; na cuireadh Día beann air ó neamh, agus na lonnruigheadh an solus air.
5Agradh dorchadas agus scáile an bháis é; comhnuigheadh néull air; úambnuigheadh dorchadas an laé é.
6 Ar son na hoidhche sin, sealbhnigheadh dorchadus í; ná ceangaltar í do láethibh na bliadhna, na tigeadh sí a nuibhir na míos.
7Féuch, bíodh a noidhchesin aonránach, ná tigeadh áon ghuth sólásach innte.
8Malluighdís an drong mhalluighios an lá í, noch atá réidh do thógbháil a ndóbhróin súas.
9Bídis réulta a chamhaoire dorcha; bíodh súil re solus aice, acht ná faghadh é; narob mó do chife sí éirghe an laói:
10Do bhrígh nar iádh sí súas doirse bhronn mo mhathar, nár cheil sí doilghios óm shúilibh.
11Cred nár éug mé ar tteachd as an mbroinn? cred nach bhfuáir mé bás a nuáir tháinic mé amach as an mbolg?
12Cred fár thoirmiosgadar na glúine me? nó cred far (tugadh dhamh) na cíocha do dhiughalfainn?
13Oir do bhéinn anois am luighe go súaimhneach, agus do bhéinn ciuin, do choidéoluinn: annsin do bhéinn am chomhnuidhe,
14A bhfochair ríogh agus chomhairleach na talmhan, do rinne áite uáigneacha dhóibh féin;
15Nó a bhfochair phrionnsadh agá ráibh ór, noch do líon a ttighthe le hairgiod:
16Nó mar bhreith fholuighthe gan ionbhuidh ní bhéinn ann; mar naoidheanuibh nach bhfacaidh an solus a riamh.
17Ann sin scuirid na droch dhaoine do bhuaidhirt; agus ann sin bhíos na daoine corrtha na ccomhnuighe.
18 Annsin shúaimhnighid na príosúnuigh a bhfochair a chéilé, ní chlumid síad guth an mhilltéora.
19Atá an beag agus an mor annsin; agus atá an searbhfhoghantuigh sáor ó na mhaighistir.
20Cred as a ttugthar solus don tí atá a ttruáighmhéile, agus beatha don tsearbh ann anum;
21Noch lear mhian bás, achd ní thig sé; agus thochlas dá íarruidh nísa mho na ciste foluighthe;
22Noch gháirdighios go hiomarcach, agus ar a mbí lúathgháir, a nuáir do gheabhuid an núaigh?
23 Cred as a ttugthar solus do dhuine agá bhfuil a shlighe ar ceilt, agus noch do iáidh Día a stigh?
24Oír thig mo uchbhadhach súil ithim, agus mo núalghubha ar na ndórtadh amach amhuil uisceadha.
25Oír an ní dob eagal liom go mór tháinic sé orum, agus an ní roimhe ar uáimhnigh mé tháinic sé chugam.
26Ní raibh mé a ndaingion, ní mó do bhí suáimhnios agam, ní mó do bhí mé ciúin; gidheadh tháinic búaidhreadh.
Currently Selected:
Job 3: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)