YouVersion Logo
Search Icon

Job 2

2
Caibidil II.
Thríd thuille casaóid ó Shatain, do cheastnuigheudh Iób níos géara.
1Do bhí lá a rís a nuair thangadar mic Dé dá ttaisbeanadh féin a lathair an TIGHEARNA, agus tháinic Sátan mar an ccéadna dá thaisbéanadh féin a lathair an TIGHEARNA.
2Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Cáit as a ttig tusa? Agus do fhreagair Sátan don TIGHEARNA, agus a dubhairt, O imtheachd fá ccuáirt annsa talumh, agus ó shiubhal sios agus suas ann.
3Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Nar mheas tú móglach Iób, nach bhfuil áon cosmhuil ris air an ttalamh, duine iomlán díreach, áon air a bhfuil eagla Dé, agus sheachnus olc? agus chongmhus a iomláine go daingion a ccomhnuidhe, bíedh gur chorruidh tusa misi na aghaidh, dhá scrios gan adhbhar.
4Agus do fhreagair Sátan don TIGHEARNA, agus a dubhairt, Croicionn ar son croicinn, a bhfuil ag duine do bhéaradh sé ar a anam é.
5Acht cuirse amach do lámh anois, agus bain re na chnáimh agus re na fheoil, agus mailleochaidh sé thú ad aghaidh.
6Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Sátan, Féuch, atá sé ann do láimhse; achd amháin cáomhuin a anam.
7¶ Annsin do chúaidh Sátan amach ó lathair an TIGHEARNA, agus do bhúail sé Iób le neascóidighibh doilghe ó bhonn a choise go baithis a chinn.
8Agus do ghlac scríobán curcain dá scríobadh féin leis; agus do shuidh sé síos ar fudh na lúatha.
9¶ Annsin a dubhairt a bhean ris, An ccongmhann tusa hiomláine a ccomhnuigh? Malluigh Día, agus éug.
10Acht a dubhairt seision ría, Labhran tú mar labhrus áon do na mnáibh amuideacha. Cred so? an uglacfum maith as láimh Dé, agus nach géubham olc úadh? Annso uile níor pheacuidh Iób le na bhéul.
11¶ Anois a nuáir do chúaluidh tríur carad Iób an tolcso uile tháinic air, tháinic gach aon aca ón áit féin; Eliphas an Temaníteach, agus Bildad an Suhiteach, agus Sophar an Naamatiteach: óir do rinneadar ionad coinne re chéile do theacht do dhéanamh doilghis leis agus dá chomhfurtachd.
12Agus a nuáir do thógbhadar a súile súas a ccéin, agus nár aithnigheadar é, do thógbhadar a nguth ós áird, agus do ghuileadar; agus do réub gach áon diobh a fhálluing, agus do chroitheadar luáithreadh air a ccéannuibh leath re neamh.
13Marsin do shuigheadar síos na fhochair ar an ttalumh air feadh sheachd lá agus seacht noidhche, agus níor labhair áonduine focal ris: óir do chonncadar gur romhór a dhoilghios.

Currently Selected:

Job 2: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in