Genesis 38
38
Caibidil XXXVIII.
Clann Iúdah. 7 Agus an drochbhéusa. 13 Inntleachd Támar. 27 Agus a geineoil.
1Agus tárla sa namsin, go ndeachuidh Iúdah síos ó na dhearbhráithibh, agus gur fhill a steach go Hadullamiteach, áirighe dar bhainm Híra. 2Agus do chonnairc Iúdah annsin inghean Chanaanitigh áirighe, dar bhainm Suah, agus do gabh sé chuige í, agus do chiomhríachduin sé ría. 3Agus do torrcheadh í, agus rug sí mac; agus tug sé Er dainm air. 4Agus do tiorrcheadh a rís í, agus rug si mac; agus tug Onan dainm air. 5Agus do tiorrcheadh fós a rís í, agus rug sí mac; agus tug Sélah dainm air: agus do bhí sé ann Chesib a nuáir rug sí é. 6Agus tug Iúdah bean do Er a chédghin, dar bainm Támar. 7Agus do bhi Er, cédghin Iúdah, go holc a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA; agus do mharbh an TIGHEARNA é. 8Agus a dubhairt Iúdah ré Hónan, Bí ag mnáoi do dhearbhráthar, agus pós í, agus déuna sliochd dot dhearbhráthair. 9Agus do bhí a fhios ag Onan nach budh leis féin an slíochd: agus tárla, a nuáir do chuáidh sé do chomhriachduin ré mnáoi a dhearbhrathar, gur dhóirt sé ar án ttalamh, ionnus nach dtiubhradh sé sliochd dá dhearbhráthair. 10Agus do chuir an ní do rinne sé fearg ar an TIGHEARNA: uime sin do mharbh sé Onan mar an ccéadna. 11Ann sin a dubhairt Iúdah ré Támar a bhainchlíamhuin, Fan ad bhain treabhuigh a ttigh hathar no go fhásuigh mo mhac Sélah; (óir a dubhairt sé, Deagla go ttigeamhadh go bhfuigheadh seision bás fós mar fuáir a dhearbhráithre) agus do imthigh Támar agus do rinne comhnuighe a ttígh a hathar. 12Agus a ccionn aimsire do eug inghean Suah bean Iúdah; agus do ghlac Iúda meisneach chuige, agus do chuáidh súas go Timnah mar a raibh luchd béarrtha a cháorach, é féin agus a chara Hírah an Tadullamíteach. 13Agus do hinnseadh do Thámar, dá rádh, Féuch, téid hathai rcleamhna súas go Timnah do bhearradh a cháorach. 14Agus do chuir sisi a culuidh báintreabhuigh dhi, agus do fholuigh sí í fein le folach, agus do fhill í féin, agus do shuígh a náit shofhaicsiana, laimh ris a tslighe ag dul go Timnah; óir do chonnairc gur fhás Sélah, agus nar tugadh í féin na mnáoi dhó. 15A nuáir de chonnairc Iúdah í, do sháoil gur méirdreach do bhí ann, do chionn gur fholuigh sí a haghaidh. 16Agus do fhill sé uirre ar a tslighe, agus a dubhairt, Guidhim thú luáithigh ort, leig dhamh a bheith agad; (óir ní raibh a fhios aige gur bhí bean a mhic í.) Agus a dubhairt sisi, Créud do bhéura tú dhamh do chionn a bheith agam? 17Agus a dubhairt seision, Cuirfe mé meannán chugad ó na gabhruibh: Agus a dubhairt sisi, An bhfuigfe tú geall agum nó go ccuirigh tú chugam é? 18Agus a dubhairt seision, Créud an gheall do bhéura mé dhuit? agus a dubhairt sisi, Do shéula, do bhráisléid, agus do bhata, noch atá ad láimh: agus tug sé íad sin di, agus do bhí aice, agus do toirrcheadh leis í. 19Agus do éirigh sisi, agus do imthigh roimpe, agus do chuir a folach dhi, agus do chuir a héudach baintreabhuigh uimpe. 20Agus do chuir Iudah an meannán chuice lé láimh a charad an Tadullamiteach, dfagháil a ghill as láimh na mná: ach ní bhfuáir sé í. 21Ann sin do fhiafruigh sé do mhuinntir na háite sin, Cáit a bhfuil an mheirdreach, do bhí go hoscuilte ré táobh na sligheadh? Agus a dubhradarsan, Ní raibh éinmhéirdreach sa náitsi. 22Agus do fhill seision go Iúdah, agus a dubhairt, Ní fhaghuim í: agus mar an gcéadna a dubhradar muinntir na háite, ní raibh éinmhéirdreach sa náitsi. 23Agus a dubhairt Iudah, Bíodh aice deagla go bhfuighmís náire: féuch do chuir mé an meannánso uáim, agus ní bhfuáir tú í. 24Agus táinic a steach na ccion thrí míosa na dhiáigh sin, gur hinniseadh do Iudah ag radh, Do rinne hinghean Támar meirdreachus: agus feúch fós atá sí torrach o stríopachus: agus a dubhairt Iudah, Tugthar amach í, agus a loiscthear í. 25A nuáir tugadh amach í, do chuir sí fios chum a hathar cleamhna dá rádh, On té léar leis íad so atáimsi torrach: agus a dubhairt sisi, Guidhim thú, méas cía lear leis íad so, an séula, agus na bráisléide agus an bata. 26Agus do adhmuigh Iúdah íad, agus a dubhairt, Dob fhíréunta isi ná misi; do chionn nach dtug mé dom mhac Sélah í, Agus níor bhean ría a rís, ní is mó. 27Agus tárla a naimsir a tuismidh, féuch go rabhadar días iona broinn. 28Agus tárla a naimsir a tuismidh, gur chuir áon aca a lámh amach, agus gur ghlac an bhean chuidighe an lámh, agus gur cheanguil snáithe sgárláoide fan láimh, dá rádh, Sé so tháinic amach ar ttús. 29Agus tárla nuáir rug sé a lámh ar a hais: féuch tháinig a dhearbhrathair amach: agus a dubhairt sisi, Cionnus do bhris tusa amach? bíodh an briseadh so ort féin: uime sin tugadh Pháres dainm air. 30Agus na dhiáigh sin tháinic amach a dhearbhrathair ar a raibh an snáithe scárláoide ar a láimh, agus tugadh Zárah dainm air.
Currently Selected:
Genesis 38: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)