Genesis 37
37
Caibidil XXXVII.
Aislinge Ióseph. 18 Tnúth a dhearbhraithre. 21 A reice agus a thabharta don Egipt.
1Agus do bhí Iácob na chomhnuighe sa tír a raibh a athair na choimhightheach, a ttír Chanaáin. 2A síad so geinealuigh Iácob. Ar mbeith do Ióseph seachd mbliadhna déag dáois, do bhí ag inghilt an tréada a bhfochair a dhearbhráithreach; agus do bhí an tóganach a bhfochair chloinne Bilhah, agus chloinne Silpah, mná a athar: agus tug Ióseph a ndrochthúarusgbháil chum a athar. 3A nois dob annsa le Hisrael Ióseph ná a chlann uile, dó chionn gurab é mác a sheanáoisi é: agus do rinne cóta dhó diomad dathann. 4Agus a nuáir do chonncadar a dhearbhráithre gur bhannsa le na nathair é ná a dhearbhráithre uile, do fhuathigheadar é, agus ní fhéadaidís labhairt go siothchánta ris. 5Agus do chonnairc Ióseph aisling, agus do innis dá dhearbhráithribh í: agus bá mhóide fós a bhfúath air. 6Agus a dubhairt sé ríu, Guidhim sibh, éisdigh ris a naislingsi do táibhseadh dhamh: 7Oir feachuidh, do bhamar ag ceangal punnann ar an machaire; agus féachuidh, do éirigh mo phunnannsa agus do sheas súas go díreach; agus féuchuidh, do bhadur bhur bpunnanasa na seasamh na timchioll, agus do rinneadar umhla dom phunnainnsi. 8Agus a dubhradar a dhearbhráithre ris, An mbiáidh tusa go deimhin ag ríghe ós ar ccionne? nó an mbiáidh go deimhin uachdaranachd agad oruinn? agus bá móide fós a bhfuath air, tré na aislingibh, agus tré na bhríathruibh. 9Agus do chonnairc seision fós aisling eile, agus do innis sé dá dhearbhraithribh í, agus a dubháirt, Féachuidh, do chonnairc mé fós aisling eile; agus féachuidh, do rinne an ghrían agus an ghealach agus na háonréulta déug umhla dhamhsa. 10Agus do innis seision dá athair, agus dá dhearbhráithribh: agus do imdhearguidh a athair é, agus a dubhairt ris, Créd é a naislingse do chonnairc tusa? an deimhin go tiucfa misi, agus do mhathair agus do dhearbhráithre dar ccláonadh féin síos duitsi go talamh? 11Agus do fhuathuigheadar a dhearbhráithre é, ach do chomharthuigh a athair an glór. 12Agus do chúadar a dhearbhráithre dingheilt thréada a nathar go Sechem. 13Agus a dubhairt Israel ré Ióseph, Nach bhfuilid do dhearbhráithre ag beathughadh an tréada a Sechem? tárr águs cuirfe mé chuctha thú: agus a dubhairt seision ris, Atáim annso. 14Agus a dubhairt sé ris, Guidhim thú, eirigh, féuch an maith a táthar ag ad dhearbhráithribh, agus an maith a táthar ag na tréuduibh; agus tabhair scéula chugam a rís. Mar sin do chuir sé amach é as gleann Hébron, agus táinig sé go Sechem. 15Agus fuáir duine áirighe é, agus, féuch, do bhí ar seachrán ar an magh; agus do fhíafruigh an tóglach dhe, ag rádh, Cía atá tú íarruidh? 16Agus a dubhairt seision, Atáim ag íarruidh mo dhearbhráithreach: gúidhim thú, innis damh cáit á bhfuilid síad ag ingheilt? 17Agus a dubhairt an tóglach, Do imthigheadur as so; óir do chuala mé íad dhá rádh, Déanam go Dótan. Agus do lean Ióseph a dhearbhráithre, agus fuáír a Ndótan iad. 18Agus a nuáir do chónncadar é a bhfad úatha, suil tháinic sé na ngar, do comhairligheadur a mharbhadh. 19Agus a dubhradar gach fear ré chéile, Féuchuidh atá an taislingtheach so ag teachd. 20Déanam a nois, ar a nadhbharsin agus marbham é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur mharbh drochbheitheach éigin é: agus do chífeam créud thiucfas dá aislingibh. 21Agus do chúaluidh Reuben sin, agus do sháor ó na lámhuibh é; agus do ráidh, Ná marbham é. 22Agus do ráidh Reuben ríu, Ná dóirtigh fuil, ach teilgidh é annsa bpoll so atá ar an bhfásach, agus ná cuiridh lámh ann; ionnus go mbeanfadh sé as a lamhuibh é, dhá thabhairt dá athair a rís. 23Agus tárla a nuáir tháinig Ióseph chum a dhearbhráithreach, gur bheanadar a chóta dhe, a chóta ioldhathach do bhí uime; 24Agus do thógbhadar léó e, agus do theilgeadar a bpoll é: agus do bhí an poll folamh, agus ní raibh uisge ann. 25Agus do shuigheadar síos dithe aráin, agus do thógbhadar súas a súile, agus do amhairceadar, agus féuch do tháinic cuideachda Ismaeliteach ó Ghilead gun a ccamhulluibh, ag iomchar spíosra, agus balma, agus mirra, ag imtheachd dá bhreith síos do Néigipt. 26Agus a dubhairt Iúdah ré na dhearbhráithribh, Ciodh an tarbha má mharbhamáoid ar ndearbhrathair, agus a fhuil a cheilt? 27Déanam, agus reácam ris na Hismaeliteachuibh é, agus na beanadh ar lámha leis; óir isé ar ndearbhrathair agus ar bhfeóil é, Agus do áontuighedar a dhearbhráithre sin. 28Annsin do ghabhadar Midianuigh ré na ttáobh, ceannuighthe; agus do thairngeadar agus do thógbhadar súas Ióseph as an bpoll, agus do réacadur Ióseph ris na Hismaeliteachuibh ar fhichid píosa airgid: agus rugadarsin Ióseph do Négipt. 29Agus dfill Reuben chum an phuill; agus féuch ní raibh Ióséph san pholl: agus do stíall sé a éudach. 30Agus do fhill sé ar a dhearbhráithribh, agus a dubhairt, Ní bhfuil an leanamh ann: agus misi, cáit a ngéubha mé? 31Agus do ghlacadar cóta Ióseph, agus do mharbhadar meannán do na gabhruibh, agus do thumadar an cóta ann sa nbhfuil. 32Agus do chuireadar an cóta ioldhathach, agus rugadar chum a nathar é, agus a dubhradar, Ag so mar fuaramairne é; aithin a nois a né cóta do mhic é, nó nach é. 33Agus do aithin seision é, agus a dubhairt, A sé cóta mo mhic é; do mharbh droichbheitheach é, atá Ióseph ar ná ghearradh na phíosuibh gan chunntabhairt. 34Agus do stíall Iácob a endach, agus do chuir éudach róinnígh uime, agus do rinne doilghios fá na mhac mórán do laéthibh. 35Agus do éirgheadar a chlann mhac uile, agus a ingheana suas dá mheisniughadh; ach do dhíult seision meisneach do ghlacadh; agus do ráidh sé, Oir rachuidh mé síos annsa nuáigh chum mo mhic ag déanamh doilghiosa: mar so do cháoin a athair é. 36Agus do reacadar na Midianuigh é do Néigípt ré Potiphar, oifigeach do mhuinntir Phárao, agus caiptín a ghárda.
Currently Selected:
Genesis 37: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)