YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 4

4
Caibidil IV.
Ghabh Maoisi an teachduireachd do láimh fá dheire. 27 As scáthan Maoisi agus Aaron ar chairdeas uachdarain thuatha, agus chill, ré cheile.
1Agus do fhreagair Maóisi agus a dubhairt, Ach féuch, ní chreidfid síad mé, agus ní éisdfid rem ghuth; óir a déaruid síad, níor thaisbéin an TIGHEARNA é féin duit.
2Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Créad é an ní sin ad láimh? Agus a dubhairt sesion, Atá slat.
3Agus a dubhairt sé, Teilg ar talamh í. Agus do theilg seision ar talamh í, agus do rinneadh nathair nimhe dhi; agus do theith Maoisi roimpe.
4Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maoisi, Cuir o lámh amach agus glac í ar earball. Agus do chúir amach a lámh, agus do ghlac í, agus do rinneadh slat di iona láimh:
5Ar choir go gcreidfidis gur fhoillsigh an TIGHEARNA Día a nathar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob é fein duit.
6Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris ós a chionn sin, Cuir a nois dó lámh ad bhrollach. Agus do chuir sé a lámh iona bhrollach: agus a nuair tug sé amach í, féuch, do bhí a lámh lubhrach mar shneachda.
7Agus a dubhairt sé, Cuír do lámh ad bhrollach a rís. Agus do chuir a lámh na bhrollach a rís. Agus tug amach as a bhrollach í, agus, féuch, do hiompoigheadh í a rís mar an gcuid eile dhá fhéoil.
8Agus tiucfa a gcrích, muna ccreidid síad thú, agus nach tiubhruid éisdeachd do ghuth an chéadchomhartha, go gcreidfid síad guth an chomhartha dheighionuigh.
9Agus tiucfá a gcrich, muna ccreidid siad céachtar don dá chomharthasa, agus nach éisdfid red ghuthsa, go nglacfa tú duisge na habhann, agus go ndóirtfe tú é ar an ttalamh tirim: agus an túisge bhéuras tú as a nabhuinn go mbía na fhuil ar an dtalamh tirim.
10Agus a dubhairt Maoisi ris anTTIGHEARNA O mo THIGHEARNA ní bhfuilimsi deaghlabhartha, ná roimhe só, ná ó labhair tusa réd sherbhiseach: Achd atáim mall a ccomhrádh, agus mall a dteanguidh.
11Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Cía rinne béul an duine, nó cía ní an balbh, nó an bodhar, nó an té do chí, nó an dall? Nach misi an TIGHEARNA?
12A nois ar a nadhbharsin imthigh, agus biáidh misi maille red bhéul, agus múinfe mé dhuit cread a déura tú.
13Agus a dubhairt sesion, O mo Thighearna, guidhim thú, cuir uáit ris an té noch chuirfeas tú uait.
14Agus do las fearg an TIGHEARNA re Máoisi, agus a dubhairt, Nach é Aáron an Lébhíteach do dhearbhrathair? atá a fhios agam go labhrann sé go maith. Agus mar an gcéadna, féuch, atá sé ag teachd amach do theagmháil riot: agus a nuair do chífe sé thú, biáidh lúthgháireach iona chróidhe.
15Agus laibhéora tusa ris, agus cuirfe tú bríathra íona bhéul: agus biaidh misi maille red bhéulsa, agus le na bhéulsan, agus múinfe mé dháoibh cread do dhéantáoi:
16Agus biáidh sesion na fhior edirmhínighe agad ris an bpobal: agus biáidh sesion, éadhon biáidh sesion féin a náit béil duitsi, agus biáidh tusa a náit Dé dhósan.
17Agus glacfa tú an tslatso ad láimh, le ndéana tú comharthuighe.
18Agus do imthigh Máoisi, agus do fhill ar létro a chlíamhuin, agus a dubhairt ris, Guidhim thú léig dhamsa ímtheachd, agus filleadh ar mo dhearbhráithribh atá sa Négipt, dá fhéachuin an bhfuilid béo fós. Agus a dubhairt Iétro ré Máoisi, Eirigh a siothcháin.
19Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Máoise a Mídian, Eirigh, fill do Negipt: óir do éugadur uile an mhéid do bhí ag iarruidh do bháis.
20Agus rug Maóisi a bhean agus a mhic leis, agus do chuir ar assal íad, agus do fhill go crích na Hegipte: agus do ghlac Maóise slat Dé na láimh.
21Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, A nuair iméochus tú chum filleadh don Egipt, féuch go ndéana tú na míorbhuilesi uile as coinne Phárao, noch do chuir misi ad láimh: ach cruádhéocha misi a chroidhe, ionnus nach léigfidh don phobal imtheachd.
22Agus deura tusa re Phárao, Marso a deir an TIGHEARNA: sé Israel mo mhac, mo chéidghin fós:
23Agus a deirim riotsa, léig mo mhac ar siubhal, ionnus go ndéana sé serbhís damhsa: agus má dhiúltann tú léigean dó imtheachd, féuch, muirfidh misi do mhacsa, do chéidghin fós.
24Agus tárla ar an tslighe san tigh ósta, gur chas an TIGHEARNA air, agus gur íarr a mhárbhadh.
25Ann sin do ghlac Sipporah cloch ghéur, agus do ghearr réumhchroiceann a mic, agus do theilg fa ná chosuibh é, agus a dubhairt: Go deimhin is fear fuilteach dhamhsa thú.
26Do leig sé uadha mar sin é: ann sin a dubhairt sisi, As fear fuilteach thú, do bhrígh an timchillghéarrtha.
27Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Aáron: Imthigh fán bhfasach do theagmháil re Maóise. Agus do imthigh sé, agus tárla leis é a slíabh Dé, agus do phóg é.
28Agus do innis Maóisi do Aáron bríathra an TIGHEARNA uile, noch do chuir uadh é, agus a nuile chomhartha dar aithin de.
29Agus do imthigh Maóisi, agus Aáron, agus dó chruinnigheadur a bhfochair a chéile sinnseara chloinne Israel uile:
30Agus do labhair Aáron a nuile fhocal dár labhair an TIGHEARNA re Maóisi, agus do rinne na comharthadha a lathair an phobail.
31Agus do chreideadur an pobal: agus a nuáir do chualadar go ttáinic an TIGHEARNA dfiosrughadh chloinne Israel, agus gur fhéuch sé ar chloinn Israel, agus go bhfacaidh sé a mbuaireadh, ann sin do chromadar a ccinn agus do rinneadur umhla.

Currently Selected:

Exodus 4: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in