YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 26

26
Caibidil XXVI
Pol ag labhairt a ttimcheall Chríosd go neartmhar a néisdeacht Agrippá. 30 Do mheasadar an eireachd neimchiontach é.
1Agus a dubhairt Agrippa ré Pól, As ceadaigheach dhuit labhairt ar do shon féin.
Ann sin ar síneadh a láimhe amach do Phól, do fhreagair sé dá sháoradh féin: 2Mesauim gur sona mé, a rí Agrippa, ó bheith a niúgh chum labhartha ar mo shon féin ad fhíadhnuisise sna huile neithibh ann a néilighid na Iúdaighe mé: 3Go mórmhór do bhrígh gur feasach dhamh, thusa do bheith eólghach a nuile ghnáthaighibh agus cheasduibh na Niúdaigheadh: ar a nadhbharsin guidhim thú fá éisdeachd ríum go foighideach. 4Is aithne do na Iúdaighibh uile, mo bheathasa ó móige, agus cionnus do bhí sí a measg mo chinidh féin a Niárusalém ó thosach; 5Noch do aithin mé roimhe so, (dá madh áil ríu fíadhnuise do dhéunamh,) ar mbeith dhamh am Fhphairisineach ó mó shinnsearaibh do réir ríaghla a núird ro dhírighse aguinne. 6Agus a nois seasuim ar mbeith dhamh dom éiliughadh tré dhóthchus na geallamhna do rinne Día dár naithribh: 7Ré a bhfuil súil ag ar nda threibh dhéugne, ag déanamh seirbhíse do Dhía do ló agus dóidhche go gnáthach. Is do tháobh an dóthchais sin, a rí Agrippa, eilighid na Iúdaighe misi. 8Créd fá a measdar ribhse mar ní díchreidmheach, go ndúisigheann Día na mairbh? 9Go deimhin do mheas misi ionnam féin, gur chóir dhamh mórán do neithibh contrarrdha do dhéanamh a naghaidh anma Iósa Nasárrdha. 10Noch do rinne mé mar ann gcéudna a Níarusalém: óir do chuir mé iomad do na náomhuibh a bpríosúnaibh, ar bhfagháil cúmhachd dhamh ó úachdaránaibh na sagurt; agus an tan do básuigheadh íad, tug misi máonta. 11Agus ag tabhairt pionúis dóibh go minic trés na huile shinagogaibh, do choimhéignigh mé íad, chum blasphéime labhairt; agus ar ndul damh tar mhodh ré buile na naghaidh, do rinne mé gérleanmhuin orrthu a gcaithreachaibh coigcríche.
12Fá a namsin ar mbeith dhamh fós ag dul go Damascus lé cúmhachdaibh agus lé barántus na nárdsagurt, 13Do chunairc mé a rí a meadhon láoi sa tslighe solus ó neamh, bá mó ná soillse na gréine, noch do dheallruidh um thimcheallsa agus a dtimcheall na druinge do bhí um fhochair sa tslighe. 14Agus ar dtuitim dhúinn uile ar talamh, do chúalaidh mé gúth ag labhairt riom, agus ag rádh sa dteangaidh Eabhra, A Sháuil, a Sháuil, créd fa bhfuil tú ag gérleanmhuin orum? is cruidh dhuit beith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh dhealg. 15Agus a dubhairt misi, Cía thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision, Is misi Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin. 16Achd éiridh súas, agus seas ar do chosaibh: óir is chuige so do fhoillsigh mé féin duit, do chum go nóirdeóchainn thú ad oglach agus ad fhiadhnuise, ní hé amháin ar na neithibh do chunnairc tú, achd mar an gcéudna ar na neithibh ann a bhfoillseóchar dhuit mé; 17Dod sháoradh on bpobal, agus ó na Cineadhachaibh, chum a bhfuilim anois dod chur, 18Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
19Uime sin, a rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don táidhbhse neamhdha: 20Achd do fhógair mé do luchd Dhamascus ar tús, agus a Niarusalem, agus ar feadh région thíre Iúdaighe go huilidhe, agus do na Cineadhachaibh, aithreachus do dhéanamh agus filleadh chum Dé, ag déunamh oibreacha iomchúbhaidh don aithrighe. 21Ar son na nadhbharsa do rugadar na Iudaighe sa teampall oram, agus do chuireadar rompa mo mharbhadh. 22Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda: 23Go bhfuiléongadh Críosd, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa, agus do na Cineadhachaibh.
24Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghúth mhór, Atá tú ar buile, a Phóil; cuiridh iomad foghlomatha ré cúthach thú.
25A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe. 26Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse go dána na lathair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbhfios éainneithe dhíobh so air; oír ní a gclúid do rinneadh so. 27A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreidir.
28A dubhairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag nách ttairrngeann tú mé chum bheith am Chríosduighe.
29Agus a dubhairt Pól, Do bfearr leam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía, ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomlán, cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.
30Agus ar na rádh so dhó, do éiridh an rí súas, agus an túachdarán, agus Bernice, agus an dream do shuidh na bhfochaire. 31Agus ar ndul do leathtaóibh dhóibh, do labhradar ré a chéile, ag rádh, Ní dhéunann an fearso éin ni thuilleas bás nó cuibhrighthe. 32Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Do béidir an fearso do léigean fá réir, muna bheith go ndeachaidh sé ar chómairce Shéasair.

Currently Selected:

Gníomhartha 26: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in