II Croiniclibh 24
24
Caibidil XXIV.
Tar éis bhaís Iehoiada do chlaon Ioas chum na níodhal; 23 agus rug na Sirianuigh búaigh air.
1 Do bhí Ioas seacht mbíladhna dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh ceathrachad bliadhan ann Ierusalem. Agus do bé ainm a mhathar Sibea ó Bheer‐séba.
2Agus do rinne Ioas an ní fa mhaith a radharc an TIGHEARNA air feadh laetheadh Iehoiada an sagart.
3Agus thug Iehoiada días ban chuige; agus do ghein sé mic agus ingheana.
4¶ Agus tárla na dhiaigh so, go raibh dinntinn ag Ioas tigh an TIGHEARNA do leasughadh.
5Agus do chruinnigh sé a bhfochair chéile na sagairt agus na Lebhítigh, agus a dubhairt sé riu, Eirghidhe amach go caithreachaibh Iúdah, agus cruinnigidh ó Israel uile airgiod dathnuaghadh thighe bhur Ndé ó bhliadhuin go blíadhuin, agus féuchuidh go ndéantaoi deithnios ris an ccúis. Gidheadh ní dhéarnadar na Lebhitígh deithnios ris.
6Agus do ghoir an rígh air Iehoiada an túachdarán, agus a dubhairt sé ris, Cred fa nár chuir tú dfiachaibh air na Lebhítibh an gearradh do thabhairt a steach ó Iúdah agus ó Ierusalem, do réir aithne Mháoise serbhíseach an TIGHEARNA, agus chomhchruinnighe Israel, go tabernacuil na fíadhnuise?
7Oír do bhrisiodar mic Ataliah, an droichbheansin, tigh Dé; agus do bhronnadar do Bhaalim neithe coisreagtha thighe an TIGHEARNA.
8Agus ar aithne an rígh do rinneadar cófra, agus do chuireadar táobh amuich é ag geata thighe an TIGHEARNA.
9Agus thugadar fúagra ar feadh Iúdah agus Ierusalem, an gearradh do leag Maoisé óglach Dé ansa bhfásach ar Israel do thabhairt a steach chum an TIGHEARNA.
10Agus do bhí lúathgháire ar na prionnsadhuibh agus ar an bpobal uile, agus thugadar a steach, agus do theilgeadar annsa chófra, nó gur chuireadar críoch air.
11Anois tárla, fá an nam ar tugadh an cófra go hoifig an rígh le láimh na Lebhíteach, agus a núair do choncadar gur mhór an tairgiod, tháinic scribhneóir an rígh agus oifigeach a nárdshagairt agus dfolmhuigheadar an cofra, agus do ghlacadar, agus rugadar dha áit féin a rís é. Marso do nídís lá ar lá, agus do chruinnigheadar iomarcaidh airgid.
12Agus thug an rígh agus Iehoiadah é do na dáoinibh do rinne obuir serbhís thighe an TIGHEARNA, agus do ghabh air dhioluigheachd saoir crainn agus cloch chum tighe an TIGHEARNA do leasughadh, agus fós don lucht doibrígh iarann agus prás do dheasughadh thighe an TIGHEARNA.
13Marsin do oibrigheadar an luchd sáothair, agus do chriochnuigheadar a nobair go hiomlan, agus do chuireadar tigh Dé iona staid feín, agus do dhaingnigheadar é.
14Agus a núair do chríochnuigheadar é, thugadar an chuid oile do nairgiod a lathair an rígh agus Iehoiada, dá ndearnadh soithighe do thigh an TIGHEARNA, soithighe chum ministrolacht, agus chum ofrala, agus leacha, soithighe óir agus airgid. Agus dofráladar ofrála loisge a ttigh an TIGHEARNA a ccomhnuigh ar feadh laétheadh Iehoiada.
15¶ Acht do bhí Iehoíada áosta, agus lán do láethibh a núair déug sé; céud agus tríochad bliadhan dáois do bhí sé a núair fuáir sé bás.
16Agus do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhi a measc na ríogh, do bhrígh go ndéarna sé maith ann Israel aráon a ttaobh Dé, agus a ttaobh a thighe.
17¶ Anois tar éis bháis Iehoiada thangadar prionnsadha Iúdah, agus do rinneadar umhla don rígh. Annsin déist an rígh riú.
18Agus dfagbhadar tigh an TIGHEARNA Día a naithreadh, agus do fhriothaileadar garráin agus iodhuil: agus tháinic dioghaltus air Iúdah agus air Ierusalem ar son an pheacaidhsi aca.
19Gidheadh do chuir seision fáidhe chuca, dá ttabhairt air a nais chum an TIGHEARNA; agus do fhíadhnuigheadar na naghaidh: achd ní thugadarsan aire dhoibh.
20Agus tháinic Spiorad Dé air Shechariah mhac Iehoiada an sagart, noch do sheas ós cionn an phobail, agus a dubhairt sé riú, Is mar so a deir Día, Cred fa sáruighthi aitheanta an TIGHEARNA, as nach féidir libh bheith séanmhar? do bhrígh gur thréigeabhair an TIGHEARNA, do thréig seision sibhsi mar an gcéadna.
21Agus dfealladar iona aghaidh, agus do chlochadar lé clochaibh é ar aithne an rígh a ccúirt thighe an TIGHEARNA.
22Marso nar chuimhnigh an rígh Ioas an cinéul do rinne a athair Iehoiada air, acht do mharbh se a mhac. Agus a nam a bhais a dubhairt sé, Go bhfaicidh an TIGHEARNA sin, agus go ccúitighidh sé é.
23¶ Agus tárla a ndeireadh na blíadhna, go ttáinic slúagh na Síria súas na aghaidh: agus thangadar go Iúdah agus go Hierusalem, agus do mharbhadar prionnsadha an phobail uile a measc an phobail, agus do chuireadar a néadail uile go rígh Dhamascus.
24Oír tháinic slúagh na Sírianach le cuideachduin bhig dhaoine, agus thug an TIGHEARNA slúagh romhor na láimh, do bhrígh gur threigeadar an TIGHEARNA Día a naithreadh. Marsin do rugadar breitheamhnus a naghaidh Ioas.
25Agus a nuaír do imthigheadar úadh, (óir dfágbhadar a neasláintibh móra e,) do oibrigheadar a sheirbhísigh féin na aghaidh ar son fhola mhac Iehoiada an sagart, agus do mharbhadar é ar a leabuidh, agus fúair sé bás: agus do adhlaiceadar é a ccathruigh Dhaibhi, acht níor adhlaiceadar a ttuamaibh na ríogh é.
26Agus is íad so an luchd dfeall na aghaidh; Sabad mhac Simeat an Tammoniteach, agus Iehosabad mhac Simrit an Moabiteach.
27¶ Anois a ttaobh a mhac, agus mhéid a núaluidh do cuireadh air, agus leasughadh thighe Dé, féuch, atáid síad scríobhtha a stair leabhair na ríogh. Agus do ríoghuidh Amasiah a mhac iona áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 24: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)