Zacairia 1
1
An Chéad Chuid
Filligí ar an Tiarna
1San ochtú mí den dara bliain de réimeas Dháire labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas: 2“Bhí fearg mhór ar an Tiarna le bhur n‑aithreacha. 3Dá bhrí sin abair leis an bpobal: ‘Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Filligí orm, a deir Tiarna na Slua, agus fillfidh mise oraibhse, a deir Tiarna na Slua. 4Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna. 5Cá bhfuil bhur n‑aithreacha anois? Agus na fáithe, an bhfanann siadsan beo i gcónaí? 6Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”
Na hAingil agus na Capaill
7Ar an gceathrú lá is fiche den aonú mí déag, is é sin le rá, de mhí Shabát, den dara bliain de réimeas Dháire, labhraíodh briathar an Tiarna le Zacairia, mac Bharaicia, mhic Ideo, mar a leanas: 8“Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána. 9‘Cad iad seo, a dhuine uasail?’ arsa mise. ‘Taispeánfaidh mé duit cad iad,’ arsa an t‑aingeal a bhí ag caint liom. 10Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’ 11Thug siadsan an tuairisc seo d'aingeal an Tiarna a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail, á rá: ‘Táimid tar éis cuairt an domhain a thabhairt agus tá an domhan go léir faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin.’ 12Dúirt aingeal an Tiarna ansin: ‘A Thiarna na Slua, cá fhad eile a bheidh tú gan trua a ghlacadh do Iarúsailéim agus do chathracha Iúdá, a bhfuil tú i bhfeirg leo le seachtó bliain anuas?’ 13D'fhreagair an Tiarna an t‑aingeal a bhí ag caint liom le briathra cneasta sólásacha. 14Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón; 15ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad. 16Ar an ábhar sin labhraíonn an Tiarna mar seo: Tá mé tar éis filleadh ar Iarúsailéim le barr trua di. Atógfar mo Theampall inti, a deir Tiarna na Slua, agus sínfear an dorú tomhais thar Iarúsailéim. 17Fógair é seo freisin: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Níor tháinig rath go fóill ar mo chathracha, ach tabharfaidh an Tiarna sólás do Shíón athuair agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim aon uair amháin eile.’ ”
Currently Selected:
Zacairia 1: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.