Zacairia 2
2
Na hAdharca agus na Gaibhne
1 D'ardaigh mé mo shúile agus cad a chonaic mé ach ceithre adharc. 2 “Cad iad seo?” arsa mise leis an aingeal a bhí ag caint liom. “Is iad seo na hadharca atá tar éis Iúdá agus Iosrael agus Iarúsailéim a scaipeadh,” ar seisean liom. 3 Ansin thaispeáin an Tiarna ceathrar gaibhne dom. 4 “Cad chuige a bhfuil siad seo ag teacht?” arsa mise. “Tá na hadharca úd tar éis Iúdá a scaipeadh sa chaoi nach bhfuil tógáil a chinn ag duine ar bith,” ar seisean liom, do mo fhreagairt, “ach tá na gaibhne seo tagtha chun scanradh a chur orthu; leagfaidh siad ar lár adharca na náisiún a d'ardaigh a n‑adharca os cionn mhuintir Iúdá chun iad a scaipeadh.”
An Fear Tomhais
5 D'ardaigh mé mo shúile agus chonaic mé fís eile. Is amhlaidh a bhí fear a raibh dorú tomhais ina láimh aige le feiceáil agam. 6 “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mise leis. “Chun Iarúsailéim a thomhas,” ar seisean liom, “féachaint cad é a leithead agus a fad.” 7 Ansin d'fhan an t‑aingeal a bhí ag caint liom ina sheasamh agus tháinig aingeal eile chuige 8 agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti. 9 ‘Óir beidh mise thart timpeall uirthi mar bhalla tine,’ a deir an Tiarna, ‘agus beidh mé mar ghlóir di ina lár.’ ”
Dhá Aitheasc do na Deoraithe
10 Hóigh! Hóigh! Teithigí ón tír thuaidh,
a deir an Tiarna,
óir táim tar éis sibhse a scaipeadh
faoi cheithre aird na cruinne, a deir an Tiarna.
11 Hóigh!, a Shíón, sábháil thú féin,
tusa a chonaíonn sa Bhablóin;
12 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua,
an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil,
i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh:
- óir aon duine a bhaineann libhse,
baineann sé le himreasc a shúile -
13 Féach, táim ag bagairt mo dhoirn ina n‑aghaidh,
agus déanfaidh a gcuid sclábhaithe slad orthu.
Beidh a fhios agaibhse ansin
gurbh é Tiarna na Slua a chuir uaidh mé.
14 Abair amhrán agus déan gairdeas,
a iníon Shíón;
óir, féach, táimse ag teacht
chun cónaí a dhéanamh i do lár, a deir an Tiarna.
15 Ceanglófar a lán náisiún leis an Tiarna an lá sin;
beidh siad ina bpobal aige,
agus cónóidh sé in bhur measc,
agus aithneoidh tú gurbh é Tiarna na Slua
a chuir chugat mé.
16 Ach beidh seilbh ag an Tiarna ar Iúdá,
mar a chomhroinn féin sa talamh naofa,
agus déanfaidh sé rogha de Iarúsailéim athuair.
17 Bíodh gach duine ina thost i láthair an Tiarna;
óir, tá sé ag éirí chun teacht amach as a áitreabh naofa.
Currently Selected:
Zacairia 2: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.