YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4

4
Íosa á Phromhadh ag Sátan
1Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é 2go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air. 3Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.” 4Agus d'fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’ ”
5Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire; 6agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é. 7Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.” 8Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
9Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos; 10óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’; 11agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’ ” 12Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
13Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
Íosa i Nazarat
14Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir. 15Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.
16Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh. 17Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:
18“Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.
Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,
ag fógairt a scaoilte do bhránna
agus aiseag a radhairc do dhaill;
ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”
20D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air. 21Agus thosaigh sé ag rá leo: “Inniu atá an scríbhinn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas.” 22Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?” 23Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ” 24Ach dúirt sé: “Deirim libh go fírinneach, fáidh ar bith ní ghlactar ina dhúiche féin. 25Ach go deimhin deirim libh, bhí mórán baintreach in Iosrael i laethanta Éilias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí mblian agus sé mhí, ionas go raibh gorta mór sa tír go léir, 26agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine. 27Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.” 28Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d'fheirg, 29agus d'éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. 30Ach ghabh sé trína lár agus d'imigh leis.
Teagasc agus Leighseanna i gCafarnáum
31Chuaigh sé síos go Cafarnáum, cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide. 32Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. 33Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: 34“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.” 35Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d'imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. 36Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.” 37Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.
38Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. 39Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu. 40Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. 41Agus bhí mórán freisin, a n‑imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. 42Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n‑imeodh sé uathu. 43Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” 44 Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia.

Currently Selected:

Lúcás 4: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy