YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 3

3
Eoin Baiste ag Fógairt Aithrí
1Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné, 2faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach. 3Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh, 4mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:
“Glór duine ag éamh san fhásach:
‘Réitígí bóthar an Tiarna,
déanaigí díreach a chasáin.
5Líonfar gach cumar,
agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;
déanfar na camshlite díreach
agus na bóithre anacra réidh,
6agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”
7Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht? 8Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo. 9Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”
10Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” 11Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.” 12Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?” 13Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.” 14D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”
15Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb'fhéidir gurbh é an Críost é, 16d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine. 17Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Eoin Baiste á Chur i bPríosún
18Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal. 19Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige, 20chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún.
21Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, 22agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
23Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí, 24mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannái, mhic Iósaef, 25mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Náum, mhic Ioslái, mhic Nagai, 26mhic Máat, mhic Mhataitias, mhic Shimín, mhic Ióiséch, mhic Ióda, 27mhic Réasa, mhic Zoróbaibeil, mhic Shalaitiéil, mhic Néiré, 28mhic Mhailchí, mhic Aidí, mhic Chósam, mhic Iolmádam, mhic Éar, 29mhic Iasús, mhic Eiliasar, mhic Iórám, mhic Mhatat, mhic Léiví, 30mhic Shimeon, mhic Iúdá, mhic Iósaef, mhic Iónam, mhic Eiliácaím, 31mhic Mheilias, mhic Mheineá, mhic Mhatata, mhic Natam, mhic Dháiví 32mhic Iseái, mhic Ióbéid, mhic Bhóas, mhic Shalá, mhic Náiseon, 33mhic Aimineadab, mhic Aidmin, mhic Arnái, mhic Easróm, mhic Fhearas, mhic Iúdá, 34mhic Iacóib, mhic Íosác, mhic Abrahám, mhic Théara, mhic Nachór, 35mhic Sharúg, mhic Ragáu, mhic Fhailig, mhic Eibir, mhic Shalá, 36mhic Cháineam, mhic Arfaxad, mhic Shéam, mhic Naoi, mhic Laimich, 37mhic Mhatúsalá, mhic Eineoc, mhic Iarat, mhic Mhalalael, mhic Cháineam, 38mhic Eanós, mhic Shéat, mhic Ádhaimh, mhic Dé.

Currently Selected:

Lúcás 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy