YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 1

1
An Réamhrá
1Ós rud é gur ghlac mórán as láimh faisnéis a ríomhadh mar gheall ar na nithe atá tagtha chun críche inár measc, 2de réir mar a thug siad siúd scéala dúinn a bhí ó thús ina bhfinnéithe súl orthu, agus ina seirbhísigh don bhriathar; 3níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail, 4chun go dtuigfeá chomh dearfa is atá na briathra a bhfuair tú teagasc fúthu.
Saolú Eoin Baiste á Réamhinsint
5Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di. 6Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna. 7Agus ní raibh aon chlann acu, mar bhí Eiliosaibeit aimrid, agus bhí siad araon anonn i mblianta.
8Tharla, agus é ag déanamh a ghnó sagairt i láthair Dé, in uain a shealaíochta, 9gur thit ar a chrann, de réir ghnás na sagartóide, dul isteach i sanctóir an Tiarna chun túis a dhó; 10agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise. 11Chonacthas dó aingeal ón Tiarna ina sheasamh ar dheis altóir na túise. 12Agus nuair a chonaic Zachairias é, bhí sé buartha agus tháinig uamhan air. 13Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air. 14Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. 15Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar, 16agus iompóidh sé mórán de chlann Iosrael chun an Tiarna a nDia. 17Gluaisfidh sé roimhe amach le spiorad agus le cumhacht Éilias, chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith na clainne, agus lucht na heasumhla chun eagna na bhfíréan, chun pobal a dhiongbhála a ullmhú don Tiarna.” 18Agus dúirt Zachairias leis an aingeal: “Conas a bheidh a fhios sin agam? Óir táim féin aosta, agus mo bhean anonn i mblianta.” 19Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit. 20Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”
21Bhí an pobal ag feitheamh le Zachairias agus ba ionadh leo é bheith ag déanamh moille sa sanctóir. 22Ach ar theacht amach dó, ní fhéadfadh sé labhairt leo, agus bhí a fhios acu go raibh fís feicthe sa sanctóir aige. Agus bhí sé ag sméideadh orthu, agus d'fhan balbh.
23Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile. 24Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí, 25ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”
Sanas an Aingil
26Sa séú mí, cuireadh an t‑aingeal Gaibriéil ó Dhia go dtí cathair sa Ghailíl darbh ainm Nazarat 27chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire. 28Agus ar a theacht isteach chuici dúirt: “Sé do bheatha, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat; is beannaithe tú idir mná.” 29Ach bhí buaireamh uirthi de chionn na cainte, agus bhí sí ag machnamh cén sort beannachadh é seo. 30Ach dúirt an t‑aingeal léi: “Ná bíodh eagla ort, a Mhuire, óir fuair tú gean ó Dhia. 31Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air. 32Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair, 33agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.” 34Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?” 35Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. 36Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. 37Óir níl ní ar bith dodhéanta ag Dia.” 38Dúirt Muire: “Féach, mise banóglach an Tiarna; déantar liom de réir d'fhocail.” Agus d'imigh an t‑aingeal uaithi.
An Fiosrú
39Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá, 40agus chuaigh isteach i dteach Zachairias agus bheannaigh d'Eiliosaibeit. 41Agus tharla, nuair a chuala Eiliosaibeit beannachadh Mhuire, gur bhíog an naíonán ina broinn, agus líonadh Eiliosalbeit den Spiorad Naomh, 42agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne. 43Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam? 44Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas. 45Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.” 46Agus dúirt Muire:
An Magnificat
“Mórann m'anam an Tiarna,
47agus rinne mo spiorad gairdeas i nDia mo Shlánaitheoir.
48Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh;
mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
49Óir rinne an Té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm,
50agus tá a thrócaire ó ghlúin go glúin
dóibh seo ar a mbíonn a eagla.
51Thaispeáin sé neart a láimhe:
scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí.
52Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha,
agus d'ardaigh sé daoine ísle;
53Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,
agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.
54D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,
ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -
55de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha -
d'Abrahám agus dá shliocht go brách.”
56D'fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d'fhill abhaile.
Saolú Eoin Baiste: A Thimpeallghearradh
57Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac. 58Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi. 59Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. 60Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.” 61Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t‑ainm sin air.” 62Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air. 63Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de. 64Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. 65Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, 66agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.
67Agus líonadh Zachairias a athair den Spiorad Naomh, agus rinne tairngreacht á rá:
An Benedictus
68“Moladh don Tiarna, Dia Iosrael,
óir rinne sé a phobal a fhiosrú agus a fhuascailt;
69agus thóg sé dúinn Slánaitheoir neartmhar
i dteaghlach Dháiví a sheirbhíseach -
70de réir mar a labhair
trí bhéal a naomhfháidh anallód -
71mar shaoradh dúinn ónár naimhde
agus óna láimh siúd uile ar fuath leo sinn,
72ag déanamh trócaire mar sin ar ár n‑aithreacha,
agus ag cuimhneamh ar a thiomna naofa -
73ar an mionn a mhionnaigh sé d'Abrahám ár n‑athair -
74go dtabharfadh sé dúinn,
tar éis ár saortha as láimh ár naimhde,
75bheith ag seirbhís dó gan eagla,
i gcrábhadh agus i bhfíréantacht ina láthair gach lá dár saol.
76Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde,
óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,
77ag tabhairt eolas an tslánaithe dá phobal
trí mhaithiúnas a bpeacaí
78de chionn trócaire chroí ár nDé
a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,
79chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis;
chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”
80Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.

Currently Selected:

Lúcás 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy