YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 65

65
Déithe Bréige: An Nua-Aois
1Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m'iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: “Seo anseo mé, seo anseo mé,” le cine nach raibh ag glaoch ar m'ainm. 2Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin, 3ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce, 4ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu. 5“Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae. 6Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo 7a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
8Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad. 9Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh. 10Beidh Seárón ina réimse ag tréada caorach agus Gleann Áchór ina fhéarach eallaigh, agus iad i seilbh mo mhuintire a lorgann mé.
11Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean,
a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh,
a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna,
agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh,
12tugaim suas don chlaíomh sibh
agus titfidh sibh ar lár san eirleach.
Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra,
labhair mé agus níor éist sibh.
Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom,
agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.
13Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:
Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse;
beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse;
beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
14Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí.
Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí,
agus ag olagón le hanbhuain anama.
15Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua. 16An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc. 17Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó. 18Ach déanáigí gairdeas agus bíodh lúcháir oraibh go deo agus go brách as a bhfuil á chruthú agam, mar tá mé chun Iarúsailéim a chruthú ina lúcháir agus a muintir ina ngairdeas. 19Beidh lúcháir orm féin as Iarúsailéim, beidh gairdeas orm as mo mhuintir. Ní chloisfear ann choíche glór an chaointe ná glaoch ar chabhair. 20Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé. 21Tógfaidh siad tithe agus déanfaidh siad cónaí iontu; cuirfidh siad fíniúin agus íosfaidh siad a toradh. 22Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh. 23Ní bheidh siad ag sclábhaíocht in aisce ná ag saolú clainne chun a gcaillte, mar bunadh is ea iad a bhfuil beannacht ón Tiarna orthu, agus a sliocht ina ndiaidh. 24Is amhlaidh a thabharfaidh mé freagra sula nglao siad; agus iad fós ag caint, beidh siad cloiste agam. 25Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.

Currently Selected:

Íseáia 65: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy