YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 64

64
1Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas,
ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,
2mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna,
mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh;
ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm
agus ciníocha ar crith roimh do theacht.
3Dhéanfá éachtaí ansin nach raibh súil leo,
agus nár chuala aon duine caint orthu riamh.
4Cluas níor chuala ná súil ní fhaca
dia ar bith ach tusa ag seasamh leis an té a chuir a mhuinín ann.
5Cuireann tú fáilte roimh an dream a chleachtann an ceart
agus a mbíonn cuimhne acu ort féin agus ar do bhealaí.
Tá fearg ort, agus déanaimid peaca dá ainneoin sin;
is fada sinn ag déanamh ceannairce i do choinne.
6Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan
agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha.
Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga,
dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.
7Duine níl ann a ghlaonn ar d'ainm,
ná a mhúsclaíonn é féin chun teannadh go dlúth leat,
óir tá tú tar éis do ghnúis a cheilt orainn,
agus sinn fágtha agat faoi smacht ár gcoireanna.
8Ach fós féin, a Thiarna, is tú ár n‑athair.
Sinne an chré, tusa an potaire,
agus saothar do láimhe is ea sinn go léir.
9Ná bíodh fearg rómhór ort, a Thiarna,
ná meabhraigh an urchóid de shíor!
Féach orainn go léir, breathnaigh ar do mhuintir.
10Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh,
tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.
11Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn,
mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh,
tá sé dóite go talamh le tine,
agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.
12Ina dhiaidh sin, a Thiarna, an bhfuil tú chun srian a chur leat féin,
chun fanacht i do thost agus sinn a smachtú thar cuimse?

Currently Selected:

Íseáia 64: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy