Zacairia 13
13
1“Ar an lá sin, osclófar tobar do theaghlach Dháiví agus dʼáitritheoirí Iarúsailéim chun an peaca agus an bréantas a ghlanadh díobh.
Scriosfar Íola agus Fáithe Bréige
2“Ar an lá sin, a deir Tiarna na Slua, scriosfaidh mé ainmneacha na n‑íol den tír agus ní chuimhneofar orthu a thuilleadh. Mar an gcéanna díbreoidh mé na fáithe agus gach claonadh chun na neamhghlaine as an tír. 3Agus má dhéanann aon duine tairngreacht ina dhiaidh sin, déarfaidh a athair agus an mháthair a ghabh ina broinn é leis: ‘Ní ceart thusa a fhágáil beo mar labhair tú bréaga in ainm an Tiarna.’ Agus tollfaidh a athair agus a mháthair féin é nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht.
4“Ar an lá sin, beidh náire ar gach uile dhuine de na fáithe faoina chuid físeanna nuair a dhéanfaidh sé tairngreacht; agus ní chaithfidh siad clócaí róin níos mó dʼfhonn daoine a mhealladh. 5Déarfaidh gach duine díobh: ‘Ní fáidh ar bith mise ach fear a shaothraíonn an talamh; óir, bhí talamh i mo sheilbh agam ó mʼóige.’ 6Agus má fhiafraítear de: ‘Céard iad na créachtaí seo atá ar do chorp?’ freagróidh sé: ‘Is amhlaidh a fuair mé i dteach mo chairde iad.’ ”
An Claíomh: An tIarmhar
7“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh mʼaoire,
in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,”
a deir Tiarna na Slua.
“Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad!
Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
8Agus tarlóidh sé ar fud na tíre go léir,”
a deir Tiarna na Slua,
“go gciorrófar agus go ndísceofar
dhá thrian den phobal,
ach go bhfágfar aon trian amháin díobh ann.
9Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine;
glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead;
promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór.
Glaofaidh siad ar mʼainm
agus tabharfaidh mé freagra orthu.
Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’;
agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
Currently Selected:
Zacairia 13: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.