YouVersion Logo
Search Icon

Zacairia 11

11
Na Cumhachtaí Móra
1Oscail do gheataí, a Liobáin,
chun go loiscfidh an tine do chéadrais.
2Déan olagón, a chufróg;
óir, tá an céadras tar éis titim,
agus tá na mórchumhachtaí basctha.
Déan olagón, a dharacha Bháiseán;
óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.
3Éist le holagón na n‑aoirí;
óir, tá a dtalamh méith féaraigh millte.
Éist le búiríl na leon óg;
óir tá mothair dhlútha na hIordáine scriosta.
Fáthscéal na nAoirí
4Mar seo a labhair an Tiarna, mo Dhia: “Beathaigh an tréad atá le marú.” 5Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh. 6Óir, ní bheidh trua agam dʼáitritheoirí na tíre níos mó, a deir an Tiarna. Cuirfidh mé gach uile dhuine acu faoi smacht a aoire, faoi smacht a rí; creachfaidh siad an tír agus ní fhuasclóidh mé óna smacht iad.
7Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú. 8In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith. 9“Ní bheathóidh mé sibh níos mó,” arsa mise. “Cibé agaibh atá le bás a fháil, faighidís bás; díothaítear a bhfuil le díothú agus itheadh an fuílleach feoil a chéile.” 10Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal. 11Agus cuireadh ar ceal an lá sin é agus thuig na trádálaithe caorach a bhí ag féachaint orm gurbh é sin briathar an Tiarna. 12Dúirt mé leo ansin: “Más maith libh é, tugaigí mo thuarastal dom; ach mura maith, ná bacaigí leis mar scéal.” Agus chomhair siad mo thuarastal amach dom, tríocha píosa dʼairgead geal. 13“Caith isteach i gciste an Teampaill é,” arsa an Tiarna liom, “an luach móruasal seo, mar dhea, a chuir siad orm.” Ansin thóg mé an tríocha píosa dʼairgead geal agus chaith mé isteach sa chiste iad atá i dteach an Tiarna. 14Ina dhiaidh sin bhris mé an dara bachall, “Aontacht”, ina dhá leath chun an bráithreachas a bhí idir Iúdá agus Iosrael a bhriseadh.
15Dúirt an Tiarna liom ansin: “Faigh trealamh aoire gan chiall duit féin athuair. 16Mar is amhlaidh atáim chun aoire a cheapadh sa tír; ní bheidh sé buartha faoina mbeidh i mbaol a gcaillte; ní chuardóidh sé a mbeidh ag dul ar seachrán; ní leigheasfaidh sé a mbeidh gonta agus ní chothóidh sé a mbeidh slán folláin go fóill. Ach íosfaidh sé feoil na mbeithíoch biata agus bainfidh sé spólaí díobh.
17Mairg don aoire gan éifeacht,
a thréigeann a thréad!
Go mbuaile an claíomh a ghéag
agus a shúil dheas chomh maith.
Go searga a ghéag ar fad
agus go mbaintear an radharc
dá shúil dheas go hiomlán.”

Currently Selected:

Zacairia 11: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in