YouVersion Logo
Search Icon

Tóibít 1

1
1Sa leabhar seo insítear scéal Thóibít, mac Thóibiéil, mac Mhahainiéil, mac Adúéil, mac Ghabael, mac Rafael, mac Ragúéil, de shliocht Aisiéil, de threibh Naftáilí. 2In aimsir Shalmanasar, rí na nAsaíreach, díbríodh ina chime cogaidh é ó Thisbé, áit atá ar an taobh theas de Cheidis Naftáilí sa Ghailíl Uachtarach, siar ó thuaidh ó Hazór agus lastuaidh de Pheor.
Tóibít Deoraí
3Gach uile lá de mo shaol shiúil mise, Tóibít, de réir bealaí na fírinne agus na fíréantachta. Is iomaí déirc a thug mé do mo ghaolta agus do mo chomhthírigh a chuaigh ina gcimí cogaidh in éineacht liom go Nínivé, cathair atá san Asaír. 4Nuair a bhí mé i mo thír féin, Iosrael, agus mé i mʼfhear óg fós, scar treibh iomlán mo shinsir Naftáilí le ríshliocht Dháiví agus le Iarúsailéim. Mar sin féin bʼí sin an chathair a ndearnadh rogha di as treibheanna uile Iosrael chun gurbh inti amháin a dʼofrálfadh na treibheanna go léir íobairtí; is inti a coisriceadh an Teampall, áit chónaithe an té is Airde, a tógadh dʼfhonn go seasfadh sé ó ghlúin go glúin go brách. 5Ach dʼofráladh mo ghaolta uile mar aon le teaghlach mo shinsir Naftáilí íobairtí don lao úd, a rinne Iarobám, rí Iosrael, i nDán, ar shléibhte uile na Gailíle.
6I dtaca liom féin de, théinn go minic i mʼaonar go dtí Iarúsailéim ar na féilte faoi mar atá sé leagtha amach dʼIosrael go léir i reacht síoraí. Bhrostaínn liom go dtí Iarúsailéim le céadtorthaí na talún agus an tréada mar aon le deachú an eallaigh agus le céadlomadh na gcaorach. 7Thugainn iad do na sagairt de shliocht Árón le haghaidh na haltóra agus bhronnainn deachúna an fhíona agus an arbhair agus na hola olóige agus na bpomagránaití agus na dtorthaí eile ar na Léivítigh a bhíodh ag freastal in Iarúsailéim. Ar feadh sé bliana mhalartaínn an dara deachú ar airgead agus dʼimínn go dtí Iarúsailéim in aghaidh na bliana chun é a dháileadh amach. 8Thugainn é do na dílleachtaí agus do na baintreacha agus do na hiompaithigh a chónaíodh i measc na nIosraelach; is amhlaidh a bheirinn liom é gach tríú bliain chun é a roinnt orthu. Bhíodh cóisir againn ansin de réir an reachta atá leagtha amach i ndlí Mhaois agus de réir na n‑aitheanta a thug Deabórá, máthair ár seanathar Hanainiéil, dúinn; óir cailleadh mʼathair agus fágadh i mo dhílleachta mé.
9Nuair a tháinig mé in aois fir, phós mé bean dár gcine féin darbh ainm Anna; rug sí mac dom agus thug mé Tóibias mar ainm air.
10Tar éis na díbeartha chun na hAsaíre tháinig mé i mo chime cogaidh go Nínivé. Dʼitheadh mo ghaolta agus mo chomhthírigh uile bia na bpágánach 11ach thug mise togha an aireachais nach n‑íosfainn a leithéid de bhia. 12Mar sin de, ó bhí mé dílis do mo Dhia ó mʼanam go hiomlán 13bhronn an Té is Airde pearsantacht chomh geanúil sin orm go raibh lé ag Salmanasar liom agus cheannaíonn dó cibé soláthairtí a bhíodh uaidh. 14Fad a mhair sé, théinn go dtí an Mhéide ag ceannach earraí dó. Ina theannta san chuir mé málaí a raibh deich dtallann airgid iontu i dtaisce ag mʼfhear gaoil Gabael, mac Ghaibrí, i Raigéis sa Mhéide. 15Nuair a cailleadh Salmanasar tháinig a mhac Sanaichéiríb i gcoróin ina áit; ach dʼimigh na bóithre chun na Méide óna smacht agus níorbh fhéidir dom dul ann a thuilleadh.
16In aimsir Shalamansar is iomaí gníomh carthanachta a rinne mé do mo chomhthírigh; 17roinninn mo chuid aráin ar lucht an ocrais agus thugainn éadach don nocht; dá bhfeicfinn aon duine de mo chine féin a bhí tar éis bás a fháil agus é caite lasmuigh de bhallaí Nínivé dʼadhlacfainn é. 18Thug mé adhlacadh chomh maith dʼaon duine a mharaigh Sanaichéiríb; mar is amhlaidh a mharaigh sé a lán de mhuintir Iosrael le teann feirge tar éis dó imeacht ó Iúdáia ina theifeach nuair a chuir rí na bhflaitheas daorbhreith i bhfeidhm air de dheasca a chuid diamhaslaí. Ghoidinnse féin a gcoirp agus dʼadhlacainn iad; nuair a chuardaíodh Sanaichéiríb iad ní fhaigheadh sé iad. 19Chuaigh duine éigin de mhuintir Nínivé, áfach, go dtí an rí agus dʼinis sé dó gur mise a bhí á n‑adhlacadh; mar sin de chuaigh mé i bhfolach. Ach nuair a fuair mé amach gurbh eol don rí cad a bhí déanta agam agus go rabhthas ar tí mo mharaithe tháinig eagla orm agus theith mé liom. 20Ansin gábhadh seilbh ar a raibh agam agus cuireadh isteach sa chiste ríoga é. Níor fágadh agamsa ach mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias. 21Ach laistigh de dhaichead lá dhúnmharaigh beirt dá chlann mhac Sanaichéiríb agus theith siad go dtí sléibhte Ararat. Tháinig a mhac Asaradon i gcoróin ina áit. Cheap seisean Aichícheár, mac mo dhearthár Anael, i gceannas ar chúrsaí airgeadais uile na ríochta agus bhí an riarachán go léir faoina smacht freisin. 22Ansin rinne Aichícheár idirghuí ar mo shon agus tháinig mé ar ais go Nínivé. Óir nuair a bhí Sanaichéiríb ina rí ar na hAsaírigh, bʼé Aichícheár an príomhchornaire agus coimeádaí an tséala ríoga agus an riarthóir agus an cisteoir agus cheap Asaradon sna poist seo uile é athuair. Ar ndóigh, bʼé Aichícheár mo nia agus mar sin de duine de mo lucht gaoil.

Currently Selected:

Tóibít 1: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in