YouVersion Logo
Search Icon

Laoi na Laoithe LAOI na LAOITHE

LAOI na LAOITHE
Brollach
Sraith de dhánta grá atá anseo. Grá daonna atá i gceist sa chiall litre, ach is go fáthchiallach a ghlac na Giúdaigh leis an leabhar seo agus is mar sin a mhínigh an traidisiún Críostaí é de ghnáth. Ach tá an fháthchiall dhiaga bunaithe ar an gciall litre; dá réir sin is grá fir agus mná atá i gceist, ar an gcéad ásc, agus pléitear an grá sin go cneasta caoin ach go corraitheach mothaitheach chomh maith.
Níl aon bhunús leis an tuairim gurbh é Solamh a chum; tá an teanga féin sa saothar i bhfad níos déanaí ná a ré-san – tá rian den Aramais uirthi agus tá focail iasachta ón nGréigis agus ón bPeirsis líonmhar go leor inti. B'fhéidir gur sa tríú nó sa cheathrú haois roimh Chríost a cumadh é – cinnte ba tar éis na deoraíochta é.
Is deacair a bheith cinnte faoi líon na ndánta sa saothar, agus dá réir sin ní roinntear anseo é ar bhonn na ndánta; ach úsáidtear na pearsana a gcuirtear codanna nó foranna ina leith, dar linn, mar áis lena chur i láthair.
Ba í an laoi seo an laoi thar laoithe ag na Giúdaigh agus d'áirigh siad an leabhar i measc na Scrollaí. Léidís é ag féile na Cásca. Baineann an Eaglais feidhm as go fáthchiallach á thagairt do ghrá Chríost dá bhrídeach, an Eaglais; do ghrá Dé agus Mhuire; don anam Críostaí agus Dia; don mhanach agus don duine rialta, ó tá siadsan aonta ar shlí faoi leith le Dia agus le Críost de réir gairme. Baintear feidhm as go minic dá réir sin sa liotúirge.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy