YouVersion Logo
Search Icon

Laoi na Laoithe 5

5
Eisean
1Seo isteach i mo ghort mé,
a shiúr liom, a bhrídeach,
ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,
ag ithe mo mheala agus mo chriathair,
ag ól m'fhíona agus mo bhainne;
ithigí, a chairde, ólaigí,
déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Ise
2I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht;
cluinim mo ghrá ag an doras:
“Oscail dom, a shiúr, a rún,
mo cholúr gan éalang,
óir is báite mo cheann i ndrúcht,
is fliuch m'fholt ón oíche.”
Ise
3Ach, táim tar éis baint díom;
an gá dom cur orm arís?
Tá mo chosa nite agam;
an gcaithim a sailiú arís?”
4Shín mo ghrá a lámh isteach
i bpoll na heochrach;
chorraigh mo chroí i mo chléibh.
5D'éiríos féin
go n‑osclóinn do mo ghrá.
Bhain miorr fliuch le mo láimh,
fíormhiorr le mo mhéar,
ó bhacán an ghlais.
Ise
6D'osclaíos do mo ghrá
- bhí mo ghrá imithe;
bhain sin an t‑anam asam.
Loirg mé é agus ní bhfuair,
ghlaoigh - níor fhreagair sé.
7Theagmhaigh liom na gardaí
ar a gcuairteanna tríd an mbaile.
Bhuail siad mé, agus ghoin,
srac siad díom mo bhrat,
lucht faire an bhaile.
8Achainím oraibh,
a iníona Iarúsailéim,
má fhaigheann sibh mo ghrá -
cad a inseoidh sibh dó uaimse?
Go bhfuil galar an ghrá orm.
Mná Iarúsailéim
9Cad iad buanna do ghrá-sa,
a phlúr na mban.
Cad iad buanna do ghrá-sa
go n‑iarrann tú an achainí sin orainn?
Ise
10Dearg agus bán do mo ghrá;
d'aithneófá i measc mílte é.
11A cheann mar ór leáite,
a dhlaoithe mar an phailm,
chomh dubh leis an bhfiach.
12A shúile mar an colm
ar bhéal coire uisce
á ní féin as bainne
i [gCoire na Mara].
13A ghiall mar spíosraí,
ceapach luibheanna cumhra.
A bheola mar bhláthanna,
ag sileadh mirr chumhra.
14Buinní óir ar a lámha
go n‑iliomad flannchloch.
A chabhail mar an t‑éabann bán,
agus í breac le saifírí.
15Galláin mharmair a chosa
ar fhothaí óir ag seasamh.
Cosúil é leis an Liobáin,
togha na gcrann céadrais.
16Is é an binneas a fhriotal,
is mealltacht é uile.
Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,
a iníona Iarúsailéim.

Currently Selected:

Laoi na Laoithe 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy