YouVersion Logo
Search Icon

Síorach Leabhar Shíorach

Leabhar Shíorach
Brollach
Údar
Sé seo an t‑aon leabhar amháin de leabhair dheotracanónacha an Sean-Tiomna ina dtugann an t‑údar a ainm dúinn – Íosa mac Shíorach, mac Eileázár, ó Iarúsailéim (50:27). Ba é leagan Eabhraise ar an ainm ná Jeshua ben Síra, agus ba mhúinteoir eagna é in Iarúsailéim c. 180 R.Ch., dáta a aimsítear de thoradh an eolais i 50:1-24 a thagraíonn do Shíomón ardsagart (c. 220-195 R.Ch.). Níl aon tagairt sa leabhar d'éirí amach na Macabaech 167 R.Ch. Uime sin is féidir glacadh leis gur scríobhadh an leabhar roimh an imeacht tábhachtach sin i stair Iosrael. Mac mic an údair a rinne an t‑aistriú ón Eabhrais bhunaidh go Gréigis – agus sin é atá ar fáil anois; insíonn sé dúinn ina bhrollach gur bhain sé féin an Éigipt amach in 132 R.Ch. Má chuirimid leathchéad bliain nó mar sin síos do dhá ghlúin, thabharfadh sin siar sinn go dtí c. 180 R.Ch.
Teideal
Níl an teideal bunaidh ar fáil anois, ná an téacs bunaidh ach chomh beag. Sé atá againn ná aistriú Gréigise a rinne mac mic an údair. Sna lámhscríbhinní Gréigise tá an ceannscríbhinn: “Gaois Íosa mac Shíorach.” Tá Ecclesiasticus mar theideal air sna leagain Laidine ón tríú haois anuas; is dócha nach bhfuil de chiall leis sin ach “Leabhar na hEaglaise”. Is ghnáthach tagairt dó go simplí comair inniu mar “Síorach” nó “Leabhar Shíorach” rud a dhéantar anseo.
Téacs agus Leaganacha
Tá stair an-inspéise, ach stair chasta go maith ag leabhar seo Shíorach. Mar a dúramar romhainn, scríobhadh an leabhar go bunúsach in Eabhrais c. 180 R.Ch. Rinneadh é a aistriú go Gréigis go luath tar éis 132 R.Ch. Ach ní gá a mheas go ndeachaigh an téacs Eabhraise le cúr na habhann, mar nuair a bhí N. Iaróm ag aistriú an leabhair go Laidin c. 400 A.D. bhain sé feidhm as cóip Eabhraise de. Agus mar bharr ar gach ní fuarthas cuid den téacs .i. 39:27 – 44:17, agus dhá shliobar bheaga 6:20-31, 51:13-20, i Scrollaí na Mara Mairbhe a aimsíodh in 1947 agus ina dhiaidh sin; sin iad na giotaí is ársa den téacs atá ar fáil. In 1896 aimsíodh cúig giotaí beaga i stóras ( genizah) sionagóige i gCairo; bhain siadsan leis na meánaoiseanna agus bhí amhras fúthu; arbh fhéidir gurbh aistriúcháin ón nGréigis ar ais go hEabhrais iad? Ach in 1963 fuarthas cc. 39-44, rud a threisíonn le húdarás ghiotaí úd Chairo.
Le déanai, dá réir sin, a thángthas ar aon chuid den seantéacs Eabhraise le Síorach. Ach bhí go leor leaganacha Gréigise ar fáil. Is féidir iadsan a roinnt ina dhá aicme – tá aicme díobh le fáil sna lámhscríbhinní móra uingeacha den Seachtód ón gceathrú agus ón gcúigiú haois; agus an aicme eile i lear mór lámhscríbhinní de pheannaireacht reatha ó aoiseanna níos déanaí. Tá difríochtaí suntasacha idir an dá aicme, agus fadhb é sin don aistritheoir. Tá dhá leagan Shiriacha ann freisin agus seanleaganacha Laidine Coptacha, agus Arabacha. Leanaimid téacs údarásach Rahlph anseo.
Ábhar
Sé tá i Síorach ná cosaint ar an gcreideamh Giúdach in aghaidh an léinn agus an chultúir heilléanaigh. Cuireann an t‑údar roimhe a chruthú dá chomhGhiúdaigh sa Phailistín, do na Giúdaigh ar fán, agus do lucht na dea-thola ar fud an domhain mhóir, gur i gcreideamh Iosrael atá an eagna fhíre le fáil.
Baineann Síorach le litríocht na heagna. Ní chuireann an t‑údar a smaointe in iúl i seanráite deisbhéalacha, mar atá i Seanfhocail, ná i bhfilíocht chasta thruamhéileach Iób, ach i roinnt aitheasc gairid. Tá a lán múnlaí liteartha sa leabhar – iomainn, urnaithe, moltaí, tagairtí beathaisnéise, agus nathanna a d'oirfeadh do scoil Shíorach in Iarúsailéim. Is féidir an leabhar a roinnt ina dhá chuid, agus gach ceann díobhsan ag tosú le haiste ar an eagna nó ar an ngaois.
Múineann Síorach gaois atá bunaithe ar chiall agus stuaim phraiticiúil agus ar thuiscint ar imeachtaí an tsaoil. Sé Dia údar na heagna go léir, agus fógraíonn sé é sin i dtús a shaothar: “Ón Tiarna an uile eagna” (1:1), agus dála téacsanna eile gaoise sa Bhíobla, aontaíonn sé gurb é “tús na heagna eagla an Tiarna” (1:14, cf. Seanfh. 9:10). Sé tá san eagla seo nó meon urramach uiríseal i leith an Uilechumhachtaigh agus fonn géilleadh dá thoil go hiomlán. Fad saoil agus conách luach saothair na heagna. Sin é a mheas Síorach mar go raibh sé dall ar theagasc faoi aoibhneas na bhflaitheas agus nárbh fholáir gach cúiteamh a dhéanamh le duine ar an saol seo, dar leis.
Murab ionann agus Leabhar na Seanfhocal, leagann Síorach an-bhéim ar an dlí, ar ghairm ar leith Iosrael le bheith ina bpobal tofa, ar stair Iosrael – go háirithe ar Dháiví agus ar a ríshleacht agus ar shagartacht Árón. Múineann Síorach go bhfuil ceangal idir an dlí agus an eagna, agus b'é ba thúisce a rinne amhlaidh. “Sé conradh Dé in airde é seo go léir, an dlí a d'ordaigh Maois dúinn” (24:23). Ciallaíonn sin dáiríre gur trí dhlí Mhaois a aimsítear an eagna fhíre. “Níl san eagna ar fad ach comhlíonadh an dlí” (19:20b). An bhéim sin go léir ar staidéar agus ar chleachtadh an dlí, rinne di ceann de phríomhthréithe an Ghiúdachais raibínigh le linn ár dTiarna agus ina dhiaidh sin.

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy