Síorach 48
48
Éilias
1Ansin tháinig an fáidh Éilias ar nos tine,
agus a bhriathar ag bladhmadh amach mar lóchrann.
2Thug seisean gorta orthu
agus le teann díograise laghdaigh sé a líon.
3Le briathar an Tiarna dhún sé suas na spéartha,
agus tharraing sé tine anuas orthu faoi thrí chomh maith.
4Nach glórmhar a bhí tú, a Éilias, de bharr na nithe iontacha a rinne tú!
an bhfuil ábhar maíte ag aon duine eile mar atá agatsa?
5Thóg tú duine ó mhairbh
agus ó Sheól le briathar an Té is Airde.
6Rinne tú léirscrios ar ríthe
agus díothú ar fhir cháiliúla ina leaba tinnis.
7Chuala tú milleán á chur ort ar Shíonái,
agus daorbhreith díoltais á thabhairt ar Horaeb.
8Rinne tú ríthe a ungadh le díoltas a imirt,
agus fáithe le bheith ina gcomharbaí ort.
9Tógadh suas ar neamh thú le tine ghuairneáin,
i gcarbad a bhí á tharraingt ag capaill tintrí.
10Ainmníodh thú sna bagarthaí brátha le teacht
chun fearg an Tiarna a mhaolú roimh an rabharta,
chun croíthe na n‑aithreacha a iompú i leith a gclainne,
agus chun treibheanna Iacóib a athbhunú.
11Is méanar dóibh siúd a fheicfidh thú,
agus iad siúd a chuaigh chun suain sa ghrá,
óir mairfimidne beo chomh maith.
Eilíseá
12Folaíodh Éilias i ngaoth ghuairneáin,
ach líonadh Eilíseá lena spiorad;
i gcaitheamh a shaoil níor fhéad aon rialtóir é a shuaitheadh;
ná níor éirígh le haon duine é a chur faoi smacht.
13Ní raibh aon obair róthrom dó,
agus fiú nuair a bhí sé marbh rinne a chorp tairngreacht.
14Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,
agus bʼiontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.
15Dá ainneoin sin ní dhearna an pobal aithrí
ná níor éiríodar as a bpeacaí,
nó gur sciobadh ina gcimí óna dtír iad,
agus gur scaipeadh iad ar fud an domhain;
16Níor fágadh ach beagán den phobal,
ach rialtóir acu de theaghlach Dháiví;
rinne cuid acu an rud a thaitin [le Dia],
ach rinne cuid eile coir ar choir.
Hiziciá
17Dhaingnigh Hiziciá a chathair,
agus thug uisce isteach ina lár,
rinne sé tollán tríd an gcarraig le hiarann,
agus thóg umair don uisce.
18Rinne Sanaichéiríb ionradh lena linn,
agus sheol isteach an príomhchornaire [agus dʼimigh leis];
dʼardaigh sé a lámh in aghaidh Shíón,
agus mhaígh go hard le teann díomais.
19Ansin tháinig crith croí agus lámh orthu,
agus bhí pianta orthu mar a bheadh ar mhná i mbreith clainne.
20Ach ghlaoigh siad ar Thiarna na trócaire,
agus leath siad a lámha ina threo;
thug an Neach Naofa aird orthu gan mhoill ó neamh;
agus dʼfhuascail sé iad trí láimh Íseáia.
21Dʼionsaigh [an Tiarna] longfort na nAsaíreach,
agus scrios a aingeal iad.
22Óir rinne Hiziciá mar ba ghean leis an Tiarna,
agus lean sé go dlúth ar bhealaí Dháiví, a athair,
na bealaí a dʼordaigh Íseáia fáidh
duine éachtach a bhí iontaofa ina fháistine.
23Lena linn chuaigh an ghrian ar gcúl
agus chuir sé fad le saol an rí.
24Chonaic sé na críocha déanacha le cumhacht an spioraid,
agus thug sé sólás do lucht caointe Shíón.
25Nocht sé a raibh le teacht go bruinne an bhrátha,
agus a raibh i bhfolach sular tháinig siad chun críche.
Currently Selected:
Síorach 48: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.