Síorach 44
44
I Stair na bPatrarc
1Molaimis anois fir cháiliúla,
na sinsir a bhí againn ó aois go haois.
2[Thug] an Tiarna glóir mhór dóibh;
tríothu a dʼfhoilsigh sé a mhórgacht riamh anall.
3Bhí ardfhlaitheas ag cuid acu ar a ríochtaí
agus thuill siad clú de bharr a gcumais;
bhí comhairleoirí críonna ina measc freisin,
a thug oracail fháidhiúla uathu,
4Agus fir a thug treoir don phobal lena moltaí,
de thoradh a dtuisceana ar léann a muintire,
agus le briathra ciallmhara a dteagaisc.
5Bhí cuid acu ina gcumadóirí ceolta binne,
agus bhreacaidís laoithe ar phár.
6Fir shaibhre chumhachtacha ab ea cuid eile fós acu,
a chaith a saol go síochánta ina n‑áitribh féin.
7Thugadh lucht a gcomhaimsire ómós do na fir seo uile,
agus ba mhór é a gclú lena ré.
8Dʼfhág cuid acu dea-cháil ina ndiaidh,
sa chaoi go moltar go haer iad go fóill.
9Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois,
a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann;
tá siad faoi mar nár rugadh riamh iad
agus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh.
10Ach fir dhiaganta ab ea na fir seo leanas,
nach ndearnadh dearmad ar a ndea-oibreacha riamh.
11Mairfidh a gconách ag a sliocht,
agus a n‑oidhreacht [ag sliocht a sleachta].
12Seasann a sliocht leis na conarthaí,
agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith.
13Mairfidh a sliocht go brách,
agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir.
14Cuireadh a gcoirp faoi shuan san úir,
ach maireann a gcáil ó ghlúin go glúin.
15Fógróidh na ciníocha a gcuid eagnaíochta,
agus déanfaidh an comhthionól iad a mholadh go hard.
16Bhí gnaoi an Tiarna ar Eineoc agus tógadh in airde é,
sampla aithrí do na glúine go léir.
17Fuarthas Naoi foirfe gan cháim;
in uain na feirge rinneadh de an [ceap];
trídsean a caomhnaíodh iarmhar ar talamh
nuair a tháinig an díle.
18Rinneadh conarthaí síoraí leis,
nach scriosfaí an uile fheoil le díle go brách arís.
19Ba athair mhórán ciníocha é Abrahám,
agus ní bhfuarthas aon duine mar é i nglóir.
20Chomhlíon sé dlí an té is Airde,
agus chuaigh i gceangal conartha leis;
dhaingnigh sé an conradh ina fheoil féin,
agus nuair a promhadh é, chruthaigh sé dílis.
21Uime sin gheall an Tiarna de bhrí na mionn
go mbeannófaí na ciníocha ina shíol;
go gcuirfeadh sé an rath air mar luaithreach na talún,
go mórfadh sé a shliocht dála na réaltaí,
go dtabharfadh sé an talamh mar oidhreacht dóibh
ó mhuir go muir,
agus ón abhainn go críocha na cruinne.
22Thug sé an gheallúint chéanna dʼÍosác,
ar son a athar Abrahám.
23Chuir sé beannacht an uile dhuine agus an conradh
ag lonnú ar cheann Iacóib;
thug sé aitheantas dó lena bheannachtaí,
agus thug dó [an talamh] mar oidhreacht;
roinn sé é ina chodanna,
agus dháil sé é ar an dá threibh déag.
Currently Selected:
Síorach 44: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.