YouVersion Logo
Search Icon

Síorach 33

33
1Má bhíonn eagla ar dhuine roimh an Tiarna,
ní thiocfaidh aon olc ina bhóthar,
ach déanfaidh seisean é a fhuascailt arís agus arís eile.
2Ní fuath leis an saoi an dlí;
is cuma nó long i stoirm an té a bhíonn ag fimínteacht faoi.
3Cuirfidh an t‑eagnaí a mhuinín sa dlí,
mar tá an dlí chomh hiontaofa le horacal dar leis.
4Bíodh do chuid cainte ullamh agat agus gheobhaidh tú éisteacht;
cruinnigh dʼfhoghlaim agus tabhair do fhreagra.
5Is cuma nó roth trucaile croí an amadáin,
agus is cuma a smaointe nó mol ag casadh.
6Is cuma stail thnúthach nó cara searbhasach;
bíonn sé ag seitreach cibé a bhíonn ag marcaíocht air.
Éagothroime
7Cén fáth ar fearr lá ná lá eile
ós rud é gurb ón ngrian solas gach lae sa bhliain?
8In aigne Dé a rinneadh an difir eatarthu;
agus eisean a dheighil séasúir agus féilte ó chéile.
9Rinne sé cuid díobh a mhóradh agus a naomhú,
agus dʼáirigh sé a thuilleadh díobh ina ndálaigh.
10As an talamh a dʼeascair gach duine,
agus as an deannach a cruthaíodh Ádhamh.
11Dhifrigh an Tiarna óna chéile iad in iomláine a eolais,
agus cheap sé a mbealaí ar leith dóibh.
12Bheannaigh agus mhóraigh sé cuid díobh;
naomhaigh agus dhruid ina chóngar féin a thuilleadh díobh.
Chuir sé mallacht ar chuid eile acu agus dʼísligh iad,
agus thiomáin sé as a láithreacha iad.
13Dála na cré i láimh an chriadóra,
[le múnlú] mar is mian leis,
mar sin atá an duine i láimh an té a chum é,
le tabhairt dó de réir mar a bheartaíonn sé.
14Seasann an mhaith in aghaidh an oilc,
agus an bheatha in aghaidh an bháis;
a dhálasan leis an bpeacach in aghaidh an fhíréin.
15Caith súil mar sin ar oibreacha uile an Té is Airde;
táid ina gcúplaí ceann in aghaidh an chinn eile. 16Ba mise ba dhéanaí a bhí ag faire
mar a bheadh gráinseoir i ndiaidh na meithile.
17 De dheonú Dé bhain mé an tosach de chách;
agus líon mé mo chantaoir mar a dhéanfadh fear den mheitheal.
18Meabhraigh nach ar mo shon féin amháin a rinne mé saothar,
ach ar son gach duine atá ag lorg teagaisc.
19Éistigí liom, a thaoiseacha an phobail,
agus sibhse, a cheannairí an chomhthionóil, tugaigí aird orm.
20Ná tabhair ceannasaíocht ort féin do do mhac, do do bhean,
do do bhráthair ná do do chara, fad is beo duit.
Ná tabhair do chuid do dhuine eile,
le heagla go dtiocfá ar mhalairt aigne agus é a lorg ar ais.
Neamhspleáchas agus Daoirse
21Fad a mhaireann tú agus go mbíonn an dé ionat,
ná lig dʼaon duine dʼáit a ghlacadh.
22Óir is fearr do chlann a bheith ag lorg ort
ná go mbeadh do shúilse le láimh do mhac.
23Bí i gceannas i do ghnóthaí go léir;
agus ná cuir smál ar do cháil.
24An lá a thagann do shaol chun críche,
ar uair an bháis, ansin roinn dʼoidhreacht.
25Foráiste, bataí agus ualaí don asal;
arán, smacht, agus saothar don daor.
26Fág an obair faoin daorán agus tóg féin go bog é;
má fhágann tú a lámha gan ghnó, rachaidh sé ar lorg na saoirse.
27Déanfaidh cuing agus gad an muineál a chromadh;
don daor urchóideach tá ceapa agus pianta.
28Cuir ag obair é chun nach n‑eireodh sé díomhaoin;
múineann an díomhaointeas a lán urchóide.
29Cuir chun saothair é mar is dual;
mura ngéilleann sé, cuir meáchan lena gheimhle.
30Ná héiligh an iomad ó aon duine,
agus ná déan aon bheart éaganta.
31Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá leat féin,
óir beidh gá agat leis ó chroí.
32Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá le bráthair,
mar beidh tú ag brath air, mar a bheifeá ort féin.
33Má chaitheann tú go holc leis agus go n‑imíonn sé ar shiúl,
cén bealach a rachaidh tú á chuardach?

Currently Selected:

Síorach 33: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in