Síorach 18
18
Dia
1An té a mhaireann go síoraí is é a rinne an uile ní.
2Sé an Tiarna amháin a fhógrófar cóir;
(agus níl aon neach eile ann ach é.
3Stiúrann sé an chruinne le cor dá láimh, agus géilleann gach ní dá thoil;
is rí é ar an uile ní agus scarann sé an naofa ón gcoitianta ina measc lena chumhacht.)
4Níor thug sé cumhacht dʼaon duine a éachtaí a fhógairt;
agus cé ar féidir leis a fhearta a spiúnadh?
5Cé ar féidir leis a chumhacht mhaorga a thomhas?
agus cé ar féidir leis dul ar aghaidh agus bearta a thrócaire go léir a ríomhadh?
6Ní féidir baint uathu, ná cur leo,
ná ní féidir iontais an Tiarna a rianadh.
7Nuair a bheidh deireadh déanta ag duine, níl sé ach ag tosú;
nuair a stadfaidh sé, beidh sé fós i bponc.
8Céard é an duine, agus cén tairbhe é?
Cad is maith dó? agus cad is olc?
9Is fada é ré an duine
má shroicheann sé céad bliain.
10Ar aon dul le braon ó uisce na farraige, nó gráinne gainimh,
sin mar atá ag beagán blianta seachas an tsíoraíocht.
11Uime sin tá an Tiarna foighneach leo,
agus doirteann sé a thrócaire orthu;
12Chonaic sé agus tá a fhios aige go mbeidh droch-chríoch orthu;
uime sin maitheann sé dóibh go fial.
13Bíonn trua ag an duine dá chomharsa,
ach bíonn trua ag an Tiarna don uile dhúil bheo;
smachtaíonn sé oileann, tugann teagasc,
agus seolann sé ar ais iad mar a dhéanfadh aoire a thréad.
14Déanann sé trócaire orthu siúd a ghlacann lena smacht,
agus a bhíonn ag tnúth lena bhreitheanna.
Féile
15A mhic, ná cuir ceartú mar eireaball le dhea-bhearta,
ná briathra géara le haon tabhartas.
16Ná déanann an drúcht an brothall a mhaolú?
mar sin is fearr focal ná tabhartas.
17Agus féach, nach fearr focal ná bronntanas maith?
ach tá siad araon le fáil ón bhfear gnaíúil.
18Bíonn an t‑amadán tuathalach maslaitheach;
agus déanann tabhartas an doicheallaigh na súile a chiapadh.
Féach Romhat
19Foghlaim sula labhraíonn tú,
agus tabhair aire do do shláinte sula mbuailtear tinn thú.
20Déan tú féin a iniúchadh roimh an mbreithiúnas,
agus in uain an fhiosraithe gheobhaidh tú maithiúnas.
21Roimh éirí tinn duit, umhlaigh thú féin;
nuair a bhíonn tú ar tí peaca, cas ar ais.
22Ná déanadh aon ní thú a chosc ó mhóid a chomhlíonadh i dtráth,
agus ná fan go bás le bheith saor uaithi.
23Roimh móid a ghlacadh, ullmhaigh thú féin,
agus ná bí mar fhear atá ag promhadh an Tiarna.
24Cuimhnigh ar a fhearg sna laethanta deiridh,
ar uain an díoltais, nuair a iompóidh sé a aghaidh i leataobh;
25In am na flúirse, cuimhnigh ar am an ghorta;
agus ar bhochtaine agus ar ghannchúis i laethanta na maoine.
26Sleamhnaíonn an t‑am ar aghaidh ó mhaidin go trathnóna;
bíonn luas faoi gach ní i láthair an Tiarna.
27Bíonn an duine eagnaí cáiréiseach i ngach gnó,
agus i laethanta an pheaca bíonn sé ar a fhaire in aghaidh na coiriúlachta.
28Tá aithne ag gach saoi ar an eagna,
agus molann sé an té a fhaigheann greim uirthi.
29An mhuintir a thuigeann seanfhocail éiríonn siad féin eagnaí,
agus sceitheann nathanna cuí uathu féin.
Smacht Ort Féin
30Ná lean dʼainmhianta féin,
ach cuir smacht ar do mhianta.
31Má ligeann tú duit féin sásamh a bhaint as do mhiangais,
déanfaidh sin ceap magaidh díot ag do naimhde.
32Ná caith do shaol le lucht sócamais,
le heagla go rachfá i ngreim sa sórt sin cuideachta.
33Ná déan bochtán díot féin le cóisireacht ar airgead iasachta,
agus gan aon ní agat i do sparán.
Currently Selected:
Síorach 18: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.