Síorach 14
14
Sonas
1Is méanar don fhear nach ndearna a bhotún lena bhéal,
agus nach gá dó bheith á chiapadh féin faoina pheacaí.
2Is méanar don fhear nach ndaorann a chroí féin é,
agus nár theip riamh ar a dhóchas.
Saint
3Ní dual maoin don sprionlóir,
agus cén mhaith sealúchas dʼfhear na sainte?
4An té a chnuasaíonn le barr cruatain, is ar mhaithe le daoine eile a chnuasaíonn sé,
agus bainfidh daoine eile súp as a mhaoin.
5Má bhíonn duine gortach leis féin, cé leis a mbeidh sé fial?
ní bhainfidh sé sásamh fiú as a shaibhreas féin.
6Ní sprionlaithe aon duine ná an té atá sprionlaithe leis féin,
agus sin mar a dhéanann an urchóid díoltas a imirt air.
7Má dhéanann sé an mhaith féin, is gan chuimhneamh é
agus ar deireadh thiar sceitheann sé ar a choirpeacht.
8Is olc é fear shúil an éada,
agus é ag casadh a ghnúise i leataobh agus ag déanamh neamhaird dá phobal.
9Téann súil fhear na sainte thar a chuid;
déanann an éagóir choiriúil a anam a sheargadh.
10Bíonn an drochshúil sprionlaithe ar an mbia,
ach an bia sin ar iarraidh óna bhord.
11A mhic, cuir cóir ort féin de réir mar a bhíonn agat,
agus tabhair tabhartais go fiúntach don Tiarna.
12Cuimhnigh air nach gcuirfear an bás ar cairde,
agus nár nochtadh conradh Sheól duit.
13Déan an mhaith do do chara roimh bás duit,
sín do lámh chuige agus tabhair dó oiread agus is féidir leat.
14Ná diúltaigh lá sona duit féin,
agus ná lig tharat do chion den séan is tnúth leat.
15Nach gcaithfidh tú toradh do shaothair a fhágáil ag duine eile;
agus fómhar do chuid oibre a fhágáil le roinnt ar crainn?
16Tabhair, beir leat, agus ceap do shuaimhneas;
óir níl pléisiur le lorg i Seól.
17Téann gach dúil bheo in aois mar bhrat,
óir is é an conradh é ó anallód: “Níl dul as ón mbás agat.”
18Mar chrann craobhach faoina dhuillí bláfara,
a shileann cuid dóibh, ach a eascrann lena thuilleadh,
–sé an dála céanna é ag glúine fola agus feola;
cailltear glúin, beirtear glúin eile.
19Téann lobhadh ar gach saothar agus imíonn sé ar ceal,
agus imíonn fear a dhéanta ar shiúl mar aon leis.
An Saol Sona
20Is méanar don fhear a mhachnaíonn ar an eagna,
agus a dhéanann a chuid argóinte le dea-chiall;
21An té a scrúdaíonn a bealaí ina chroí,
déanfaidh sé a mhachnamh freisin ar a rúin;
22Téigh sa tóir [ar an eagna] mar a dhéanfadh fiagaí,
agus déan luíocháin uirthi ina cosáin.
23An té a bhíonn ag gliúcaíl trína fuinneoga
éistfidh sé freisin ag a doirse.
24An té a théann chun lonnaithe i gcóngar a tí,
déanfaidh sé pionna a bhotha a ghreamú ina fallaí.
25Cuirfidh sé a bhoth suas lena hais
agus beidh togha lóistín mar lóistín aige.
26Cuirfidh sé a leanaí faoina dídean,
agus beidh a champa faoina scáth.
27Déanfaidh sí é a dhíonadh ón mbrothall,
agus lonnóidh sé i lár a glóire.
Currently Selected:
Síorach 14: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.