Rút 3
3
Le Boaz thar Oíche
1Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: “A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta. 2Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte. 3Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige. 4Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.” 5Dʼfhreagair sí: “Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.”
6Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht. 7Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd. 8I lár na hoíche dhúisigh an fear, dʼfhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa. 9Dúirt sé léi: “Cé hí thú féin?” Dʼfhreagair sí: “Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.” 10“Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir. 11Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú. 12Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat. 13Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.” 14Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach dʼéirigh [Boaz] roimh an tráth a dʼaithneodh daoine a chéile, “mar,” ar sé, “ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.” 15Ansin dúirt sé léi: “Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.” Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus dʼardaigh uirthi é. Dʼimigh sí léi isteach sa chathair ansin. 16Nuair a shroich sí máthair a céile, dʼfhiafraigh sise: “Conas a bhí agat, a iníon ó?” Ansin dʼinis sí gach a ndearna an fear di. 17Lean sí uirthi: “Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,” ar sí, “agus dúirt sé liom: ‘Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.’ ” 18Dʼfhreagair sise: “Fan, a iníon ó, go bhfeice tú conas mar a bheidh, mar ní rachaidh aon suaimhneas ar an bhfear nó go gcuirfidh sé nithe i gcrích inniu féin.”
Currently Selected:
Rút 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.