Rút 1
1
1Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus dʼimigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac. 2Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann. 3Dʼéag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac. 4Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin. 5Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear. 6Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir dʼairigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh. 7Ansin dʼimigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.
8Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: “Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa. 9Go ndeonaí an Tiarna go bhfaighfidh sibh baile, gach duine agaibh beirt, le céile fir ina theach.” Agus phóg sí iad, ach chromadarsan ar ghol go fuíoch. 10“Fillfimid leat,” ar siad, “fillfimid sin, go dtí do mhuintirse.” 11Ach dúirt Náoimí: “Ní mór daoibh dul ar ais, a iníonacha liom. Cad ab áil libh teacht liomsa? An bhfuil clann mhac fós i mo bhroinn le bheith mar fhir chéile agaibh? 12Filligí, a iníonacha; imígí libh mar táimse ró-aosta le pósadh ar ais. Fiú dá ndéarfainn go bhfuil dóchas agam fear a fháil anocht féin, agus clann mhac breise a bheith orm, 13an mbeadh sibh sásta fanacht nó go bhfásfaidís? An bhfanfadh sibh gan pósadh chuige sin? Ná déanaigí, a ógmhná, mar go ngoillfeadh sé go mór orm ar bhur son-sa gur tógadh lámh an Tiarna i mo choinne.” 14Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus dʼimigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.
15Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.” 16Ach dʼfhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir
cibé áit a rachaidh tusa,
is ann a rachaidh mise,
agus cibé áit a mbainfidh tusa fút,
is ann a bhainfidh mise fúm;
siad do mhuintirse is muintir domsa,
agus is é do Dhia is Dia domsa.
17Fód do bháis, fód mo bháis-sé,
agus láthair mʼadhlactha.
Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom,
agus a thuilleadh fós,
dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!”
18Nuair a thuig Náoimí go raibh sí meáite ar dhul léi, ní dúirt sí a thuilleadh.
19Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná. 20Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.
21Oir dʼimigh mé liom sách
agus thug an Tiarna abhaile mé seang.
Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin,
mar thug an Tiarna fianaise i mʼaghaidh,
agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”
22Dʼfhill Náoimí mar sin ó thír Mhóáb agus Rút bean a mic, an Móábach mná ina teannta; agus thángadar go Beithil i dtús fómhar na heorna.
Currently Selected:
Rút 1: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.