YouVersion Logo
Search Icon

Salm 7

7
Urnaí an Fhíréin atá faoi Ghéarleanúint
1 Amhrán éagaointeach (Siggayon) de chuid Dáiví a chan sé don Tiarna mar gheall ar Chuis an Biniáimineach.
2 A Thiarna, a Dhia liom, is tú mo dhídean;
saor mé ar mo ghéarleantóirí agus fuascail mé,
3 sula mbeiridís ar mʼanam mar leon,
do mo sciobadh leo gan fear mo tharrthála ann.
4 A Thiarna Dia, má rinne mé an ní seo,
má rinne mé urchóid le mo lámha,
5 má thug mé an t‑olc in aghaidh na maitheasa do mo chara,
má chreach mé mo namhaid gan chúis–
6 go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm,
go ngabha sé de chosa i mʼanam,
is go leaga sé mʼoineach sa luaithreach.
7 Éirigh, a Thiarna, le corp feirge:
éirigh in aghaidh buile mo namhad (a Dhia liom),
dúisigh, ó dʼfhógair tú breithiúnas.
8 Tagadh comhthionól na gciníocha i do thimpeall:
bí i do shuí os a gcionn in airde.
9 Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha.
Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir mʼfhíréantachta
agus de réir an ionracais atá ionam.
10 Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeach
agus daingnigh na fíréin;
os tú a thriaileann croí agus áranna,
a Dhia na fíréantachta.
11 Is é Dia mo sciath is mo dhídean
a shaorann lucht an chroí dhírigh.
12 Breitheamh ceart cóir é Dia,
Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.
13 Mura leasaíonn siad, cuirfidh sé faobhar ar a chlaíomh;
teannfaidh sé agus díreoidh sé a bhogha;
14 tá uirlisí marfacha gléasta aige
agus saigheada mar chaora tine.
15 Bhí an t‑urchóideach torrach ar an olc
ghabh sé an mhioscais agus shaolaigh an feall.
16 Dʼoscail sé clais agus thochail í
ach thit sé sa pholl a rinne sé.
17 Fillfidh a mhioscais ar a bhaithis féin:
ar a cheann féin a fhillfidh a fheall.
18 Molfaidh mé an Tiarna as ucht a fhíréantachta:
ceolfaidh mé don Tiarna, an Neach is Airde.

Currently Selected:

Salm 7: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in