YouVersion Logo
Search Icon

Salm 59

59
Saor mé ó lucht doirte Fola
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháivíi nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach dʼfhonn é a mharú.
2Fuasail mé ó mo naimhde, a Dhia,
cosain mé ar a n‑éiríonn i mʼéadan.
3Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide
agus saor mé ó lucht doirte fola.
4Féach! téann siad in oirchill ar mʼanam;
déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;
gan choir gan chion uaimse, a Thiarna,
5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.
Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!
6Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Slua.
Éirigh agus smachtaigh na ciníocha,
ná bíodh trua agat do lucht fill agus comhcheilge. Selah
7Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
8drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,
agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
9Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu,
is beag leat na náisiúin go léir.
10Is duitse a thabharfaidh mé moladh
óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
11Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuanghrá
agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.
12Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal;
déantar a dtreascairt is a leagan ar lár,
a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!
13In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas,
i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag
go mbeirtear orthu ina n‑uabhar.
14Scrios iad le corp feirge, a Thiarna,
scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal.
Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réim
ar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah
15Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;
16gabhann siad anonn is anall ar thóir bia,
ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.
17Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireacht
agus gairdeoidh mé i do bhuanghrá le breacadh lae;
óir ráinig tú i do dhaingean agamsa
agus i do dhídean dom ar uair na hanacra.
18Mo neart thú! is duitse a chanfaidh mé,
óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean,
an Dia a thálann a bhuanghrá orm.

Currently Selected:

Salm 59: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in