YouVersion Logo
Search Icon

Salm 46

46
“Tá Tiarna na Slua inár bhFochair”
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.
2Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é:
is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n‑anacra.
3Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh
agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,
4fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh ʼs ag fiuchadh,
agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta.
[Tá Tiarna na Slua inar bhfochair:
is daingean dúinn Dia Iacóib.] Selah
5 Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé,
ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.
6Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh;
tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.
7Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí,
toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.
8Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,
is daingean dúinn Dia Iacóib.
9Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna,
na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.
10Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne:
briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna,
loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
11“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann,
in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”
12Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,
is daingean dúinn Dia Iacóib. Selah

Currently Selected:

Salm 46: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in