Bible App logo
Search Icon

Seanfhocal 9

9
1Tá a teach tógtha ag an Eagna,
agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
2Tá sí tar éis a mairt a mharú
a cuid fíona a ullmhú,
agus a bord a chóiriú.
3Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici,
le glaoch amach ó arda na cathrach:
4“Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!”
agus le lucht na díchéille deir sí:
5“Téanaigí, ithigí mo chuid aráin,
agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
6Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh;
siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”
Gaois
7An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne;
an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.
8Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort,
ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
9Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós;
múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
10Tús na heagna eagla an Tiarna;
agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.
11Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa,
agus cuirfear blianta le fad do shaoil.
12Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe;
más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.
Baois ag Déanamh Aithris ar Ghaois
13Bean ghliogair an óinseach;
tá sí leanbaí, aineolach.
14Suíonn sí ag doras a tí;
suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach.
15Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar bráid
agus iad i mbun cúraimí an lae:
16“An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!”
agus deir sí leis an amadán:
17“Is milis é an t‑uisce a goideadh;
is milis é an t‑arán a itear faoi choim.”
18Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo,
go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.

Currently Selected:

Seanfhocal 9: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in