Seanfhocal 26
26
1Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar,
agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.
2Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann,
ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.
3Lasc don each, srian don asal
agus bata do dhroim na n‑amadán.
4Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise,
le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
5Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise
le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.
6An té a chuireann amadán ar theachtaireacht,
(gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.
7Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe,
sin mar atá seanfhocal i mbéal na n‑amadán.
8Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill,
onóir a thabhairt dʼamadán.
9Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceora
seanfhocal i mbéal amadán.
10Is cuma nó áirseoir a ghoineann gach duine a ghabhann an treo,
an té a fhostaíonn amadán [nó meisceoir].
11Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag
an t‑amadán a fhilleann ar a bhaois.
12An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin?
Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.
13“Tá leon ar an mbóthar,” a deir an leisceoir,
“tá leon sna sráideanna.”
14Dála na comhla a chasann ar a tuislí,
casann an leisceoir ina leaba.
15Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias
ach tá sé róthraochta le hé a bhreith chun a bhéil.
16Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin
ná seachtar fear a dʼfhreagródh le stuaim.
17Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin
dul sáite in achrainn na gcomharsana.
18Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine
saigheada agus bás,
19Sin é mar atá ag an té a mheallann a chomharsa
agus a deir ansin: “Ní raibh ann ach seó!”
20Cheal brosna téann an tine in éag;
cheal cúlchainteora, téann aighneas chun suain.
21Gualach don ghríosach, brosna do thine,
agus fear achrainn le haighneas a adhaint.
22Is geall le sólais bhlasta focail an chúlchainteora,
sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
23Is cuma nó gléas airgid ar áras cré
beola sleamhna le croí claon.
24An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha;
agus an feall go domhain istigh.
25Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách,
óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.
26Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois,
déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.
27An té a thochlann poll, titeann sé ann,
agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.
28Is gráin leis an mbéal bréagach an fhírinne,
agus is scriostóir é an béal bán.
Currently Selected:
Seanfhocal 26: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.