Seanfhocal 20
20
1Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;
níl aon chiall ag an té a mheallann sé.
2Is geall le glam leoin fearg rí,
agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.
3Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,
ach beidh gach amadán ag achrann.
4Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;
beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
5Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;
níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
6Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,
ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
7An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,
is méanar dá chlann ina dhiaidh.
8An rí a shuíonn ina shuí breithimh,
scagann sé gach olc lena shúile.
9Cé ar féidir leis a rá: “Ghlan mé mo chroí,
táim saor ó mo pheaca?”
10Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall;
is gráin leis an Tiarna iadsan araon.
11Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh,
an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
12An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann,
is é an Tiarna a rinne iad araon.
13Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile;
bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14“Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaí
ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar,
ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir;
bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois,
ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile;
agus fear cath le treoir chiallmhar.
19Déanann an cardálaí rúin a nochtadh;
ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair,
múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
21An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús,
ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.
22Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”;
ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
23Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan;
ní maith iad na meánna fealltacha.
24Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine;
conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
25Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: “Tá sé tíolactha,”
agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
26Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh,
agus tiomáineann an roth tharstu.
27Sé spiorad an duine lampa an Tiarna,
ag spiúnadh doimhneas a chroí.
28Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint,
agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
29A neart féin glóir na n‑ógánach,
ach an ceann liath maise na seanóirí.
30Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe;
agus glanann buillí an t‑ionathar.
Currently Selected:
Seanfhocal 20: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.